#2162366
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, ní mór aicmiú riosca sábháilteachta a bheith sna tuarascálacha ar tharluithe agus tá an t-aicmiú riosca sin faoi réir athbhreithniú ag údaráis inniúla na mBallstát nó ag an nGníomhaireacht, agus ní mór na tuarascálacha sin a aistriú chuig ECR. Chun aicmiú comhchuibhithe a áirithiú do na tuarascálacha uile ar tharluithe atá in ECR, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcinntear an t-aicmiú sna tuarascálacha sin i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (ERCS) a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún.
Pursuant to Regulation (EU) No 376/2014, occurrence reports are to contain a safety risk classification that is subject to review by the competent authorities of the Member States or the Agency, and are to be transferred into the ECR.To ensure that the occurrence reports contained in the ECR are all classified in a harmonised manner, the competent authorities of the Member States and the Agency should ensure that the classification in those reports is determined in accordance with the common European risk classification scheme (ERCS) as set out in Commission Delegated Regulation (EU) 2020/2034.