#1820073
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus an treochlár cumais dá dtagraítear in Airteagal 9(8) á chur san áireamh i gcás ina bhfuil sé ar fáil, i gcomhar le heintitis oiliúna iomchuí na mBallstát, agus, i gcás inarb iomchuí, le EASO, le FRA, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (euLISA) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), uirlisí oiliúna sainiúla a fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint ar leith maidir le leanaí agus daoine eile i gcás leochaileach a chosaint.
The Agency shall, taking into account the capability roadmap referred to in Article 9(8), where available, and in cooperation with the appropriate training entities of the Member States, and, where appropriate, EASO, FRA, the European Union Agency for the Operational Management of Large-Scale IT Systems in the Area of Freedom, Security and Justice (eu-LISA) and the European Union Agency for Law Enforcement Training (CEPOL), develop specific training tools, including specific training in the protection of children and other persons in a vulnerable situation.