#610505
Nascfar taighde agus nuálaíocht le raon leathan beartas de chuid an Aontais agus le spriocanna gaolmhara, agus tacóidh siad lena gcur i ngníomh, ar beartas iad lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (go háirithe an Beartas Forbartha Tuaithe, na Tiosncnaimh Chomhphleanála, lena n-áirítear "Talmhaíocht, Slándáil Bia agus Athrú Aeráide", "Réim Bia Shláintiúil le haghaidh Saoil Shláintiúil"; agus "Farraigí agus Aigéin Shláintiúla agus Tháirgiúla") agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach "Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta" agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach maidir le hUisce, an Comhbheartas Iascaigh, an Beartas Muirí Comhtháite, an Clár Eorpach um Athrú Aeráide, an Treoir Réime Uisce [8], an Treoir Réime maidir le Straitéis Mhuirí [9], Plean Gníomhaíochta AE um Fhoraoiseacht, an Straitéis Théamach Ithreach, Straitéis Bithéagsúlachta 2020 an Aontais, an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, beartais nuálaíochta agus thionsclaíocha an Aontais, beartais sheachtracha agus beartais chúnaimh don fhorbairt, straitéisí sláinte plandaí, straitéisí leasa agus sláinte ainmhí agus creataí rialála chun an comhshaol, an tsláinte agus an tsábháilteacht a chosaint, chun éifeachtúlacht acmhainní agus gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid a chur chun cinn, agus chun dramhaíl a laghdú.
Research and innovation will interface with and support elaboration of a wide spectrum of Union policies and related targets, including the Common Agriculture Policy (in particular the Rural Development Policy, the Joint Programming Initiatives, including "Agriculture, Food Security and Climate Change", "A Healthy Diet for a Healthy Life" and "Healthy and Productive Seas and Oceans") and the European Innovation Partnership 'Agricultural Productivity and Sustainability' and the European Innovation Partnership on Water, the Common Fisheries Policy, the Integrated Maritime Policy, the European Climate Change Programme, the Water Framework Directive [8], the Marine Strategy Framework Directive [9], the EU Forestry Action Plan, the Soil Thematic Strategy, the Union's 2020 Biodiversity Strategy, the Strategic Energy Technology Plan, the Union's innovation and industrial policies, external and development aid policies, plant health strategies, animal health and welfare strategies and regulatory frameworks to protect the environment, health and safety, to promote resource efficiency and climate action, and to reduce waste.