#2072624
Tacóidh bord straitéiseach CEFI+ freisin leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht fhoriomlán agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir na hardáin infheistíochta réigiúnacha, idir na trí cholún den Phlean Infheistíochta Seachtraí, idir an Plean Infheistíochta Seachtraí agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, lena n-áirítear comhrac an athraithe aeráide, mar aon le cláir sheachtracha agus ionstraimí maoiniúcháin an Aontais.
The EFSD+ strategic board shall also support overall coordination, complementarity, and coherence between the regional investment platforms, between the three pillars of the External Investment Plan, between the External Investment Plan and the Union’s other efforts on migration and on the implementation of the 2030 Agenda, including the fight against climate change, as well as with Union external programmes and financing instruments.