#2628987
á chur in iúl gur eol di gur sheol ceannairí na dtrí cheardchumann phríomha, ar an 17 Eanáir 2022, litir thar ceann fhoireann F4E chuig an gCoimisinéir um Buiséad agus Riarachán, agus chuig an gCoimisinéir um Fhuinneamh, faoin gcás ríthábhachtach in F4E, ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le fiosrúchán de chuid OLAF maidir le timpeallacht ghairmiúil F4E; ag tabhairt dá haire go n-iarrann siad, sa bhreis air sin, ar an gCoimisiún measúnú domhain a dhéanamh ar bhainistíocht shinsearach reatha F4E freisin, go háirithe i ndáil lena hinchreidteacht agus lena cumas chun clár um athrú a chur chun feidhme, sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, lena bhféadfaí muinín a athbhunú agus chun timpeallacht oibre agus cultúr corparáideach F4E a chlaochlú; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon athrú ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;
Is aware that on the 17 January 2022 the heads of the three main trade unions sent a letter on behalf of the F4E staff to the Commissioner for Budget and Administration, and the Commissioner for Energy, about the critical situation in the F4E asking the Commission to support an OLAF inquiry into the F4E professional environment; notes that in addition they also ask the Commission to perform ‘an in-depth assessment of the current F4E Senior Management, in particular in relation to their credibility and capacity to implement, in the present context, a change programme capable to restore trust and to transform the F4E working environment and corporate culture’; calls on the Joint Undertaking to report to the discharge authority of any development in that regard;