#2971159
Tacóidh an tionscnamh le línte píolótacha le haghaidh táirgeacht nuálach, tástáil agus bailíochtú lena ndúnfar an bhearna idir an tsaotharlann agus an mhonarcha i dtaca le déantús na n-ardteicneolaíochtaí leathsheoltóra mar shampla: ailtireachtaí agus ábhair le haghaidh leictreonaic chumhachta lena gcothaítear fuinneamh inbhuanaithe agus in-athnuaite, stóráil fuinnimh, monaraíocht chliste i gcomhréir leis na caighdeáin chomhshaoil is airde, uathoibriú agus leictrea-shoghluaisteacht, ídiú fuinnimh níos ísle, cibearshlándáil, sábháilteacht fheidhmiúil, leibhéil níos airde maidir le feidhmíocht ríomhaireachta nó maidir le teicneolaíochtaí claochlaitheacha a chomhtháthú, ar nós sliseanna intleachta saorga néaramorfacha agus leabaithe, fótónaic chomhtháite, graiféin agus teicneolaíochtaí eile bunaithe ar ábhar 2T, lena gcomhtháthaítear leictreonaic agus micrishreabhánaic i gcórais ilchineálacha, réitigh theicneolaíocha chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht comhpháirteanna agus córas leictreonach a mhéadú.
The Initiative shall support pilot lines for production, testing and validation bridging the gap from the lab to the fab of advanced semiconductor technologies, such as architectures and materials for power electronics fostering sustainable and renewable energy, energy storage, smart manufacturing in accordance with the highest environmental standards, automation and electro mobility, lower energy consumption, cyber security, functional safety, higher levels of computing performance or integrating breakthrough technologies such as neuromorphic and embedded AI chips, integrated photonics, graphene and other 2D-material-based technologies, integrating electronics and microfluidics in heterogeneous systems, technological solutions for increased sustainability and circularity of electronic components and systems.