#521675
(1) Le Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [3] bunaítear an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (CRIM) lena gcuimsítear cineálacha éagsúla beart cur chun feidhme a chuirtear i gcrích trí chláir ar leith, ar ceann díobh é an "Clár Tacaíochta Beartais Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)" lena gcuirtear tacaíocht ar fáil chun an margadh inmheánach a neartú i ndáil le táirgí agus seirbhísí TFC agus le táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar TFC, agus a bhfuil sé d’aidhm aige an nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin glacadh TFC, agus infheistiú ann, a chur ar bhonn níos forleithne.
(1) Decision No 1639/2006/EC of the European Parliament and of the Council [3] establishes the Competitiveness and Innovation Framework Programme (CIP) with different types of implementing measures pursued by specific programmes, of which "the Information and Communications Technologies (ICT) Policy Support Programme" provides support for the strengthening of the internal market for ICT products and services and ICT-based products and services, and aims at stimulating innovation through the wider adoption of, and investment in, ICT.