#1637805
Go ndéanfar an togra go gceadaíonn Dáil Éireann téarmaí Reacht na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (IRENA), arna dhéanamh in Bonn, an Ghearmáin, an 26 Eanáir 2009, ar leagadh cóip de faoi bhráid Dháil Éireann an 6 Bealtaine 2015, a tharchur chuig an Roghfhochoiste um Chumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha, de réir Bhuan-Ordú 82A(3)( b ) and (6)( a ), agus go ndéanfaidh an Coiste sin, tráth nach déanaí ná an 28 Bealtaine 2015, teachtaireacht a chur chuig an Dáil, ar an modh a fhorordaítear i mBuan-Ordú 87, agus go mbeidh feidhm dá réir ag Buan-Ordú 86(2).
THAT THE PROPOSAL THAT DÁIL ÉIREANN APPROVES THE TERMS OF THE STATUTE OF THE INTERNATIONAL RENEWABLE ENERGY AGENCY (IRENA), DONE AT BONN, GERMANY ON 26TH JANUARY, 2009, A COPY OF WHICH WAS LAID BEFORE THE DÁIL ON 6TH MAY, 2015, BE REFERRED TO THE SELECT SUB-COMMITTEE ON COMMUNICATIONS, ENERGY AND NATURAL RESOURCES, IN ACCORDANCE WITH STANDING ORDER 82A(3)( B ) AND (6)( A ), WHICH, NOT LATER THAN 28TH MAY, 2015, SHALL SEND A MESSAGE TO THE DÁIL IN THE MANNER PRESCRIBED IN STANDING ORDER 87, AND STANDING ORDER 86(2) SHALL ACCORDINGLY APPLY.