#1979937
Colgán na ndealg Indiach
Indo-Pacific sailfish
Colgán na ndealg Indiach
Indo-Pacific sailfish
Colgán na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus)
Indo–Pacific sailfish (Istiophorus platypterus)
Déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a ghabhann mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach na sonraí ábhartha maidir le gabhálacha agus iarracht a thaifeadadh i gcomhréir le hIarscríbhinn 1.
Union fishing vessels catching striped marlin, black marlin, blue marlin or Indo-pacific sailfish shall record the relevant catch and effort data in accordance with Annex 1.
Cuirfidh na Ballstáit clár maidir le bailiú sonraí chun feidhme chun tuairisciú cruinn a áirithiú maidir le gabhálacha mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma nó gabhálacha cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le hAirteagal 51(1).
Member States shall implement a data collection programme to ensure accurate reporting of striped marlin, black marlin, blue marlin or Indo-pacific sailfish catches in accordance with Article 51(1).
Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon eiseamail de mhairlíní riabhacha (Tetrapturus audax), mairlíní dubh (Istiompax indica), mairlíní gorma (Makaira nigricans) ná de cholgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach (Istiophorus platypterus) ar lú ná 60 cm an fad óna ngiall íochtarach go gabhal a n-eireabaill a choinneáil ar bord, a thrasloingiú nó a thabhairt i dtír.
Union fishing vessels shall not retain on board, tranship, or land, any specimens of striped marlin (Tetrapturus audax), black marlin (Istiompax indica), blue marlin (Makaira nigricans) or Indo-pacific sailfish (Istiophorus platypterus) with a lower jaw fork length of less than 60 cm.
Ina dtuarascáil náisiúnta eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 51(6) tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun na hiascaigh a bhainistiú ar mhaithe le mairlíní riabhacha, mairlíní dubha, mairlíní gorma agus colgáin na ndealg Ind-Chiúin-Aigéanach a shaothrú agus a chaomhnú.
Member States shall report on actions taken to monitor catches and to manage fisheries for the sustainable exploitation and conservation of striped marlin, black marlin, blue marlin and Indo-pacific sailfish in their national scientific report in accordance with Article 51(6).