#1772836
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i dtaca leis na mionsonraí a leagan síos chun feithiclí a aicmiú chun críocha na scéimeanna taraifí is infheidhme a bhunú, le hoibleagáidí na n-úsáideoirí SDLE a shainiú tuilleadh maidir le sonraí a sholáthar don soláthraí SDLE agus úsáid agus láimhseáil an TAB, leis na ceanglais a leagan síos le haghaidh comhpháirteanna idir-inoibritheachta maidir le sábháilteacht agus sláinte, iontaofacht agus infhaighteacht, caomhnú an chomhshaoil, comhoiriúnacht theicniúil, slándáil agus príobháideacht agus oibriú agus bainistiú, leis na ceanglais ghinearálta bonneagair a leagan síos le haghaidh comhpháirteanna idir-inoibritheachta agus leis na critéir íosta incháilitheachta a leagan síos le haghaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra.
The power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission also in respect of laying down the details for the classification of vehicles for the purposes of establishing the applicable tariff schemes, further defining the obligations of the EETS users regarding the provision of data to the EETS provider and the use and handling of the OBE, laying down the requirements for interoperability constituents regarding safety and health, reliability and availability, environment protection, technical compatibility, security and privacy and operation and management, laying down the general infrastructure requirements for interoperability constituents and laying down the minimum criteria of eligibility for notified bodies.