#2992425
Ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le cineálacha sonraí i ndáil le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht na sonraí ábhartha a bhaineann leis an athluchtú agus leis an athbhreoslú, beart a bheadh ag cur le torthaí na Gníomhaíochta Tacaíochta Cláir maidir le ‘Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta’ (‘IDACS’), a tugadh i gcrích in 2022.
Requirements on data types regarding the availability of and accessibility to relevant data related to recharging and refuelling should be laid down, building on the outcomes of the Programme Support Action on ‘Data collection related to recharging/refuelling points for alternative fuels and the unique identification codes related to e-mobility actors’ (‘IDACS’), that was concluded in 2022.