#1958743
Ag cur san áireamh go bhfuil bithsféar comhchoiteann i ndáil le truailliú trasteorann ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe, geallann gach Páirtí na prionsabail chomhshaoil a aithnítear go hidirnáisiúnta a urramú, amhail i nDearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt, arna ghlacadh i Rio de Janeiro an 14 Meitheamh 1992 (‘Dearbhú Rio maidir leis an gComhshaol agus Forbairt 1992’) agus i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, lena n-áirítear i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992 (‘UNFCCC’) agus sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna dhéanamh i Rio de Janeiro an 5 Meitheamh 1992 (an ‘Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch’), go háirithe:
Taking into account the fact that the Union and the United Kingdom share a common biosphere in respect of cross-border pollution, each Party commits to respecting the internationally recognised environmental principles to which it has committed, such as in the Rio Declaration on Environment and Development, adopted at Rio de Janeiro on 14 June 1992 (the "1992 Rio Declaration on Environment and Development") and in multilateral environmental agreements, including in the United Nations Framework Convention on Climate Change, done at New York on 9 May 1992 ("UNFCCC") and the Convention on Biological Diversity, done at Rio de Janeiro on 5 June 1992 (the "Convention on Biological Diversity"), in particular: