#1591759
(1) Go ndéanann Dáil Éireann: (a) a thabhairt dá haire go n-aithnítear leis an gConradh ar an Aontas Eorpach an chaoi a gcuireann Parlaimintí Náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais trí bheith ar an eolas agus é a bheith ar a gcumas a dtuairimí a chur in iúl maidir le nithe is díol spéise ar leith dóibh; (b) a mheas, i bhfianaise na n-impleachtaí d’Éirinn, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialta de, a bhaineann le cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach, mar a cuireadh in iúl faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an 29 Márta 2017, gur chóir go gcumasófaí do chomhaltaí de Thithe an Oireachtais a dtuairimí a chur in iúl agus a bheith ar an eolas faoin gceist seo a bhfuil tábhacht shuntasach náisiúnta ag baint léi; (c) a bheartú dá bhrí sin go suífidh an Dáil i gComhchoiste le Seanad Éireann Déardaoin an 11 Bealtaine 2017 ar 11.30 a.m., chun tuairimí a mhalartú leis an Uas. Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Tascfhórsa chun an Chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe a Ullmhú agus a Chur i gCrích.
(1) THAT DÁIL ÉIREANN: (A) NOTES THAT THE TREATY ON EUROPEAN UNION RECOGNISES THE ACTIVE CONTRIBUTION OF NATIONAL PARLIAMENTS TO THE GOOD FUNCTIONING OF THE UNION THROUGH BEING INFORMED AND HAVING THE ABILITY TO EXPRESS THEIR VIEWS ON MATTERS OF PARTICULAR INTEREST TO THEM; (B) IN VIEW OF THE ECONOMIC, POLITICAL AND SOCIAL IMPLICATIONS FOR IRELAND OF THE DECISION OF THE UNITED KINGDOM TO WITHDRAW FROM THE EUROPEAN UNION AS NOTIFIED UNDER ARTICLE 50 OF THE TREATY ON EUROPEAN UNION ON 29TH MARCH, 2017, CONSIDERS THAT MEMBERS OF THE HOUSES OF THE OIREACHTAS SHOULD BE ENABLED TO EXPRESS THEIR VIEWS AND BE INFORMED ON THIS ISSUE OF SIGNIFICANT NATIONAL IMPORTANCE; (C) RESOLVES THEREFORE THAT THE DÁIL SHALL SIT IN JOINT COMMITTEE WITH SEANAD ÉIREANN ON THURSDAY 11TH MAY, 2017 AT 11.30 A.M., FOR THE PURPOSE OF AN EXCHANGE OF VIEWS WITH MR. MICHEL BARNIER, CHIEF NEGOTIATOR OF THE TASKFORCE FOR THE PREPARATION AND CONDUCT OF NEGOTIATIONS WITH THE UNITED KINGDOM.