#685719
Sa chomhar eatarthu, ba cheart do chleachtóirí dócmhainneachta agus do na cúirteanna na dea-chleachtais chomhair i gcásanna dócmhainneachta trasteorann a chur san áireamh, mar a leagtar amach sna prionsabail agus sna treoirlínte maidir le cumarsáid agus comhar atá glactha ag eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta a bhíonn ag feidhmiú i réimse an dlí dócmhainneachta, agus go háirithe sna treoirlínte ábhartha a d'ullmhaigh Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNICTRAL).
When cooperating, insolvency practitioners and courts should take into account best practices for cooperation in cross-border insolvency cases, as set out in principles and guidelines on communication and cooperation adopted by European and international organisations active in the area of insolvency law, and in particular the relevant guidelines prepared by the United Nations Commission on International Trade Law (Uncitral).