#2281447
De réir mhír 1 d’Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, ní cheadaítear úsáid aigéid tartaraigh le haghaidh an dí-aigéadaithe faoi láthair ach amháin le haghaidh táirgí a thionscnaíonn ó chineálacha fíniúna “Elbling” agus “Weißer Riesling” agus fhaightear ó fhíonchaora a bhaintear sna limistéir fíonsaothrúcháin seo a leanas den chuid thuaidh de chrios fíonsaothrúcháin A: Ahr, Rheingau, Mittelrhein, Mosel, Nahe, Rheinhessen, Pfalz agus Moselle luxembourgeoise.
According to paragraph 1 of Appendix 1 to Annex I to Delegated Regulation (EU) 2019/934, the use of tartaric acid for deacidification is currently only permitted for products originating from the ‘Elbling’ and ‘Weißer Riesling’ vine varieties and obtained from grapes harvested in the following wine-growing areas of the northern part of wine-growing zone A: Ahr, Rheingau, Mittelrhein, Mosel, Nahe, Rheinhessen, Pfalz and Moselle luxembourgeoise.