#1128398
Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.
Defence in action for damages for shooting dog.
Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.
Defence in action for damages for shooting dog.
Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.
Defence in action for damages for shooting dog.
Is faoi rialú an dlí náisiúnta a bheidh cearta caingne le haghaidh damáistí ag daoine a bhí á gcothú ag an bpaisinéir cé nach raibh ceangal dlíthiúil air amhlaidh a dhéanamh.
Rights of action for damages of persons whom the passenger was maintaining without being legally bound to do so, shall be governed by national law.
(2) Beidh an rogha ag duine lena mbaineann fo-alt (1) iarratas a dhéanamh ar chúiteamh nó caingean a thionscnamh le haghaidh damáistí ag éirí as an gciontú.
(2) A person to whom subsection (1) relates shall have the option of applying for compensation or of instituting an action for damages arising out of the conviction.
—Ní luighfidh aon aicsean, ag lorg damáiste, alos aon fhranncaigh mhuisc do gheobhfar agus é saor gan cosc do mharbhadh no do ghonadh.
—No action for damages shall lie in respect of the killing or wounding of any musk rat found at large.
(1) Sna cásanna le n-a mbaineann Airtiogail 18 agus 19 ní féidir aon aicsean chun airgead damáiste do bhaint amach, pe cúis a bheidh leis, do bhunú ach fé réir na gcoinníollacha agus na dteoranta atá leagtha amach sa Chonvensiún so.
(1) In the cases covered by Articles 18 and 19 any action for damages, however founded, can only be brought subject to the conditions and limits set out in the present Convention.
(d) más caingean i leith damáistí an imeacht, féadfar, in ionad nó i dteannta aon phléadála eile, tairiscint shásaimh roimh thosnú an chaingin a phléadáil;
( d ) where the proceeding is an action for damages, tender of amends before the action was commenced may, in lieu of or in addition to any other plea, be pleaded;
—In aon chaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach, is cosaint mhaith má chruthaíonn an cosantóir—
—In an action for damages for the shooting of a dog, it shall be a good defence if the defendant proves—
(2) Ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis.
(2) Only one action for damages may be brought against the same person in respect of the death.
(b) ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh sa Stát i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis;
( b ) only one action for damages may be brought in the State against the same person in respect of the death;
(b) ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh sa Stát i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis;
( b ) only one action for damages may be brought in the State against the same person in respect of the death;
Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.
23. Defence in action for damages for shooting dog. 24.
(b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag an bpearsa aonair, nó thar a cheann, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta ba bhun leis an éiglíocht mheabhrach nó choirp sin.
( b ) following the institution by, or on behalf of, the individual of a civil action for damages in respect of personal injury giving rise to that mental or physical infirmity.
(b) tar éis caingean shibhialta a bheith tionscanta ag duine, nó thar ceann duine, le haghaidh damáistí i leith díobhála pearsanta,
(b) following the institution by or on behalf of a person of a civil action for damages in respect of personal injury,
Is faoi rialú an dlí náisiúnta a bheidh cearta caingne le haghaidh damáistí ag daoine a bhí á gcothabháil ag an bpaisinéir cé nach raibh ceangal dlíthiúil air déanamh amhlaidh.
Rights of action for damages of persons whom the passenger was maintaining without being legally bound to do so, shall be governed by national law.
Ní dhéanfar aon chaingean le haghaidh damáistí i leith báis paisinéara nó díobhála pearsanta do phaisinéir, nó i leith bagáiste a chailleadh nó damáiste do bhagáiste, a thionscnamh i gcoinne iompróra nó i gcoinne iompróra feidhmithe ar shlí seachas i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
No action for damages for the death of or personal injury to a passenger, or for the loss of or damage to luggage, shall be brought against a carrier or performing carrier otherwise than in accordance with this Convention.
Maidir le haon chaingean i leith damáistí a éiríonn as bás paisinéara nó díobháil phearsanta do phaisinéir, nó i leith bagáiste a chailleadh nó damáiste do bhagáiste, beidh cosc orthu tar éis tréimhse dhá bhliain a bheith caite.
Any action for damages arising out of the death of or personal injury to a passenger or for the loss of or damage to luggage shall be time-barred after a period of two years.
17.—Gan dochar d’aon chosaint a bheidh ar fáil ar shlí eile, nó d’aon díolúine arna teachtadh ar shlí eile le dlí, ag GNBS, grúpeintiteas de chuid GNBS nó duine a shonraítear in alt 34(1), ní bheidh aon chaingean le haghaidh damáistí ann in aghaidh GNBS, grúpeintitis de chuid GNBS ná duine den sórt sin i leith nó de dheasca comhlíonadh nó neamhchomhlíonadh aon cheann de na feidhmeanna dá bhforáiltear i gCodanna 4, 5 agus 6 de mheon macánta, nó i leith aon bhreithe a tugadh de mheon macánta aon cheann de na feidhmeanna dá bhforáiltear i gCodanna 8 agus 9 a chomhlíonadh nó gan an céanna a chomhlíonadh.
17.—Without prejudice to any defence otherwise available to, or immunity otherwise enjoyed at law by NAMA, a NAMA group entity or a person specified in section 34(1), no action for damages shall lie against NAMA, a NAMA group entity or such a person in respect of or arising out of the performance or non-performance in good faith of any of the functions provided for in Parts 4, 5 and 6, or in respect of any decision made in good faith to perform or not to perform any of the functions provided for in Parts 8 and 9.
I gcás an duine atá freagarthach d'fháil bháis, luigheann aicsean alos damáiste do réir téarmaí an Chonvensiúin seo i gcoinnibh a ionadaithe pearsanta.
In the case of the death of the person liable, an action for damages lies in accordance with the terms of the present Convention against his personal representatives. [GA]
(1) Caithfear aicsean, chun airgead damáiste do bhaint amach, do bhunú, fé mar is rogha leis an ngearánaí, i gcrích Páirtí de sna hArd-Pháirtithe Connarthacha, os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse san áit ina gcomhnuíonn an t-iompróir no ina bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige no ina bhfuil tigh gnótha aige do rinne an connradh no os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse ag an gceann scríbe.
(1) An action for damages must be brought, at the option of the plaintiff, in the territory of one of the High Contracting Parties, either before the Court having jurisdiction where the carrier is domiciled, or has his principal place of business, or has an establishment by which the contract has been made or before the Court having jurisdiction at the place of destination.
(2) Má dhéanann an Bord, i gcomhlíonadh na ndualgas dá dtagartar i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, cur isteach, gan déanamh do réir forál ailt 31 den Acht seo, ar aon talamh nó ar aon éasáid, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, féadfaidh an duine ag a mbeidh eastáit nó leasa ann, nó féadfaidh a únaer, aicsean le haghaidh damáiste a sheasamh i gcoinne an Bhuird amhail is ná beadh an Bord ag gníomhú de bhun reachta.
(2) In case the Board in the performance of the duties referred to in paragraph (d) of subsection (1) of this section, interferes, without complying with the provisions of section 31 of this Act, with any land or any easement, wayleave, waterright or other right existing over or in respect of any land or water, the person having estates or interests therein, or the owner thereof, may maintain an action for damages against the Board as if the Board were not acting pursuant to a statute.
—(1) I gcás caingean i leith damáistí as díobháil de dhroim toirt a thionscnamh i gcoinne dhá chosantóir nó níos mó in aon Chúirt, ansin, ar cheann de na cosantóirí dá iarraidh sin, féadfaidh an giúiré (nó, i gcás an caingean a thriail gan giúiré, an breitheamh), faoi réir fo-ailt (2), na damáistí, más ann dóibh, a chionroinnt ar chuid de na cosantóirí nó orthu uile i pé cionúireachta is cuí leis an ngiúiré (nó leis an mbreitheamh, do réir mar bheas), ag féachaint do na himthosca uile agus, go háirithe, don mhéid a bhí na cosantóirí ar leithligh freagarthach faoi seach sa díobháil, agus féadfaidh na damáistí a chionroinnt i slí go dtabharfar slánaíocht d'aon phearsa nó pearsain áirithe de na cosantóirí sin.
—(1) Where an action for damages in respect of an injury occasioned by a tort is brought against two or more defendants in any Court, then, on the application of any of the defendants, the jury (or, in case the action is tried without a jury, the judge) may, subject to subsection (2), apportion the damages, if any, amongst some or all of the defendants in such proportions as the jury (or the judge, as the case may be) may think fit, having regard to all the circumstances and, in particular, to the extent to which the several defendants were respectively responsible for the injury, and may so apportion the damages as to confer an indemnity on any one or more of the said defendants.
—(1) Más é ba chúis le bás duine gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain duine eile de shaghas a bhéarfadh teideal don pháirtí a díobháladh, mura mbeadh a bhás, caingean a shuíomh agus damáistí a ghnóthú ina leith, dlífear caingean i leith damáistí a thionscnamh i gcoinne an duine a bheadh faoi dhliteanas amhlaidh ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh.
—(1) Where the death of a person is caused by the, wrongful act, neglect, or default of another such as would have entitled the party injured, but for his death, to maintain an action and recover damages in respect thereof, the person who would have been so liable shall be liable to an action for damages for the benefit of the dependants of the deceased.
—(1) Más é ba chúis le bás duine feithicil inneallghluaiste leis an Stát a bheith á tiomáint, á hionramháil nó á rialú go faillíoch, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht seo ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais.
—(1) Where the death of a person is caused by the negligent driving, management or control of a mechanically propelled vehicle belonging to the State, the Minister for Finance shall be liable to an action for damages under this Act for the benefit of the dependants of the deceased.
(2) I gcás inar díobháil don phearsa is cúis bháis an díobháil, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht Díobhála Marfacha, 1956 , ar mhaithe le cleithiúnaithe (de réir bhrí an Achta sin) an éagaigh, a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais.
(2) Where the injury is an injury to person causing death, the Minister for Finance shall be liable to an action for damages under the Fatal Injuries Act, 1956 , for the benefit of the dependants, within the meaning of that Act, of the deceased.
(10) Beidh na cearta a shonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo ag an duine díobháilte nó ag éagóiritheoir a gheobhaidh fógra den sórt sin agus má fhaillíonn sé go míréasúnach leas a bhaint as a chearta beidh sé urchoiscthe óna cheart caingne mar gheall ar dhamáistí nó mar gheall ar ranníoca de réir mar a bheidh.
(10) The injured person or a wrongdoer receiving such notice shall have the rights specified in subsection (6) of this section, and if he unreasonably fails to take advantage of his rights he shall be barred from his right of action for damages or for contribution as the case may be.
—(1) Más é is cúis le bás duine gníomh éagórach ag duine eile de shaghas a thabharfadh teideal don pháirtí a díobháladh, mura mbeadh a bhás, caingean a chothú agus damáistí a ghnóthú ina leith, beidh an duine a bheadh faoi dhliteanas amhlaidh faoi dhliteanas i leith caingne mar gheall ar dhamáistí chun tairbhe do chleithiúnaithe an éagaigh.
—(1) Where the death of a person is caused by the wrongful act of another such as would have entitled the party injured, but for his death, to maintain an action and recover damages in respect thereof, the person who would have been so liable shall be liable to an action for damages for the benefit of the dependants of the deceased.
—(1) I gcás éagóir a dhéanamh trí úsáid feithicle inneallghluaiste leis an Stát, beidh an tAire Airgeadais faoi dhliteanas i leith caingne mar gheall ar dhamáistí de dheasca damáiste a tháinig den éagóir ionann is dá mba é an tAire Airgeadais úinéir na feithicle agus, chun críocha an dliteanais sin, measfar an duine a d'úsáid an fheithicil a bheith ina sheirbhíseach ag an Aire Airgeadais sa mhéid go raibh an duine sin ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais nó a fhostaíochta.
—(1) Where a wrong is committed by the use of a mechanically propelled vehicle belonging to the State, the Minister for Finance shall be liable to an action for damages in respect of damage resulting from the wrong in like manner as if the Minister for Finance were the owner of the vehicle, and the person using the vehicle shall, for the purposes of such liability, be deemed to be the servant of the Minister for Finance in so far as such person was acting in the course of his duty or employment.
Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, féadfar caingean ar dhamáistí a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, i gcoinne an iompróra sin nó an iompróra chonarthaigh nó ina gcoinne araon, le chéile nó ar leithligh.
In relation to the carriage performed by the actual carrier, an action for damages may be brought, at the option of the plaintiff, against that carrier or the contracting carrier, or against both together or separately.
Aon chaingean ar dhamáistí atá faoi thrácht in Airteagal VII den Choinbhinsiún seo, caithfear í a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, os comhair cúirte ina bhféadfar caingean a thionscnamh i gcoinne an iompróra chonarthaigh, mar a fhoráiltear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún Warsaw, nó os comhair na cúirte ag a mbeidh dlínse san áit a bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir iarbhír nó a bhfuil a phríomháit ghnó aige.
Any action for damages contemplated in Article VII of this Convention must be brought, at the option of the plaintiff, either before a court in which an action may be brought against the contracting carrier, as provided in Article 28 of the Warsaw Convention, or before the court having jurisdiction at the place where the actual carrier is ordinarily resident or has his principal place of business. [GA]
—(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 34 den Phríomh-Acht, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear non chaingean den sórt sin de dhroim conartha), cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dócha dó faibhriú chuige uaidh sin i leith sochair dhíobhála nó sochair mhíthreorach (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 13 den Acht seo i leith síor-fhreastail) do na cúig bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.
—(1) Notwithstanding section 2 of the Civil Liability (Amendment) Act, 1964 , and section 34 of the Principal Act, in an action for damages for personal injuries (including any such action arising out of a contract), there shall in assessing those damages be taken into account, against any loss of earnings or profits which has accrued or probably will accrue to the injured person from the injuries, the value of any rights which have accrued or probably will accrue to him therefrom in respect of injury benefit or disablement benefit (disregarding any increase thereof under section 13 of this Act in respect of constant attendance) for the five years beginning with the time when the cause of action accrued.
(7) Duine a úsáideann mótarfheithicil le toiliú cheannaitheoir na feithicle agus a mbaineann caillteanas dó de bharr coinníoll a shárú atá intuigthe le fo-alt (2) sa chonradh díola féadfaidh sé caingean ar dhamáistí in aghaidh an díoltóra maidir leis an sárú a chothabháil amhail is dá mba é an ceannaitheoir é.
(7) A person using a motor vehicle with the consent of the buyer of the vehicle who suffers loss as the result of a breach of the condition implied by subsection (2) in the contract of sale may maintain an action for damages against the seller in respect of the breach as if he were the buyer.
“(d) Ní dhéanfar caingean ar dhamáistí faoi alt 13 (7) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.”;
"(d) An action for damages under section 13 (7) of the Sale of Goods and Supply of Services Act, 1980 , shall not be brought after the expiration of two years from the date on which the cause of action accrued.";
(c) gur cúis tochsail nó contúirte do dhaoine beo a bheadh ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann ar an ábhar go bhfuil eolas ar fáil iontu faoi dhaoine aonair, nó go mbeadh sé nó go bhféadfadh go mbeadh sé ina ábhar caingne le haghaidh damáistí mar gheall ar chlúmhilleadh.
( c ) would or might cause distress or danger to living persons on the ground that they contain information about individuals, or would or might be likely to lead to an action for damages for defamation.
—(1) Beidh sé ina chosaint in aon chaingean le haghaidh damáistí in aghaidh duine mar gheall ar mhadra a lámhach nó in aon chúiseamh a thig as madra a lámhach má chruthaíonn an cosantóir—
—(1) It shall be a defence to any action for damages against a person for the shooting of a dog, or to any charge arising out of the shooting of a dog, if the defendant proves that—
—D'ainneoin aon ní a bheidh in aon chonradh, ní bheidh aon duine faoi dhliteanas in aon chaingean le haghaidh damáistí sa Stát i leith aon ní a dhéanann nó nach ndéanann an duine sin, nó a dhéanann nó nach ndéanann duine éigin eile thar a cheann, más i gcomhlíonadh treorach ón Aire faoin gCuid seo a dhéantar nó, de réir mar a bheidh, nach ndéantar, an ní sin.
—Notwithstanding anything contained in any contract, a person shall not be liable in any action for damages in the State in respect of anything done or not done by such person, or by some other person on his behalf, if such thing is done or, as the case may be, not done, in compliance with a direction of the Minister under this Part.
In iompar paisinéirí agus bagáiste, ní fhéadfar aon chaingean le haghaidh damáistí, is cuma cén bunús a bheidh léi, a thionscnamh ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, gan dochar don cheist i dtaobh cé hiad na daoine a bhfuil ceart agartha acu agus cad iad a gcearta faoi seach.
In the carriage of passengers and baggage, any action for damages, however founded, can only be brought subject to the conditions and limits set out in this Convention, without prejudice to the question as to who are the persons who have the right to bring suit and what are their respective rights.
In iompar luchta, ní fhéadfar aon chaingean le haghaidh damáistí, is cuma cén bunús a bheidh léi agus cibé acu faoin gCoinbhinsiún seo nó i gconradh nó i dtort nó ar shlí eile é, a thionscnamh ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha le dliteanas atá leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, gan dochar don cheist i dtaobh cé hiad na daoine a bhfuil ceart agartha acu agus cad iad a gcearta faoi seach.
In the carriage of cargo, any action for damages, however founded, whether under this Convention or in contract or in tort or otherwise, can only be brought subject to the conditions and limits of liability set out in this Convention without prejudice to the question as to who are the persons who have the right to bring suit and what are their respective rights.
(b) Má mhainníonn an chuideachta ceanglas den fho-alt seo a chomhlíonadh i leith aon díola, ní bheidh an mhainneachtain sin, tar éis an díol a bheith déanta, ina foras chun cur i gcoinne bhailíocht an díola sin, ach ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'aon chaingean i gcomhair damáistí in aghaidh na cuideachta ag duine a d'fhulaing caillteanas de dhroim mainneachtana a dúradh.
(b) Failure by the company to comply with a requirement of this subsection in respect of any sale shall not, after the sale has taken place, be a ground for impugning the validity of such sale, but this paragraph shall not prejudice any action for damages against the company by a person suffering loss in consequence of a failure aforesaid.
“(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 34 den Phríomh-Acht, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear aon chaingean den sórt sin de dhroim conartha), cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dócha dó faibhriú chuige uathu i leith sochair dhíobhála (gan aird a thabhairt ar aon cheart i leith sochair dhíobhála is iníoctha de bhua alt 10 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 , tar éis bhás an duine dhíobhálaithe) nó sochair mhíchumais (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 13 den Acht seo i leith síor-fhreastail) do na cúig bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.”.
"(1) Notwithstanding section 2 of the Civil Liability (Amendment) Act, 1964 , and section 34 of the Principal Act, in an action for damages for personal injuries including any such action arising out of a contract), there shall in assessing those damages be taken into account, against any loss of earnings or profits which has accrued or probably will accrue to the injured person from the injuries, the value of any rights which have accrued or probably will accrue to him therefrom in respect of injury benefit (disregarding any right in respect of injury benefit payable by virtue of section 10 of the Social Welfare (No. 2) Act, 1974 , after the death of the injured person) or disablement benefit (disregarding any increase thereof under section 13 of this Act in respect of constant attendance) for the five years beginning with the time when the cause of action accrued.".
—(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 306 den Acht seo, i gcaingean i leith damáistí mar gheall ar dhíobhálacha pearsanta (lena n-áirítear aon chaingean den sórt sin de dhroim conartha) cuirfear i gcuntas, agus na damáistí sin á measúnú, in aghaidh aon chailleadh tuillimh nó brabús a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chun an duine dhíobhálaithe ó na díobhálacha, luach aon chearta a d'fhaibhrigh nó ar dóigh dó faibhriú chuige uathu i leith sochair dhíobhála (gan aird a thabhairt ar aon cheart i leith sochair dhíobhála is iníoctha de bhua alt 42 (2), tar éis bhás an duine dhíobhálaithe) nó sochair mhíthreorach (gan aird a thabhairt ar aon mhéadú air sin faoi alt 46 i leith síor-fhreastail) do na 5 bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.
—(1) Notwithstanding section 2 of the Civil Liability (Amendment) Act, 1964 , and section 306 of this Act, in an action for damages for personal injuries (including any such action arising out of a contract) there shall in assessing those damages be taken into account, against any loss of earnings or profits which has accrued or probably will accrue to the injured person from the injuries, the value of any rights which have accrued or will probably accrue to him therefrom in respect of injury benefit (disregarding any right in respect of injury benefit payable by virtue of section 42 (2), after the death of the injured person) or disablement benefit (disregarding any increase thereof under section 46 in respect of constant attendance) for the 5 years beginning with the time when the cause of action accrued.