#3010648
iarmhair a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha ina bhfuil ola ag a bhfuil innéacs iaidín is airde ná 70 nó is ísle ná 100, inarb ísle an buaic-achar a léiríonn toirt choinneála dhealraitheach bhéiteashiotaistéaróil, a chinntear i gcomhréir le modh Uimh. 8 (COI/T.20/Doc. Uimh. 26 (Comhdhéanamh agus ábhar stéaról, dé-alcól trítheirpéineach agus alcól alafatach a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis ribeach)) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105, is ísle í ná 93,0 % de bhuaic-achar iomlán an stéaróil.
residues resulting from the treatment of fatty substances containing oil having an iodine index higher than 70 or lower than 100, of which the peak area representing the retention volume of apparent betasitosterol, determined in accordance with method no. 8 (COI/T.20/Doc. No 26 (Determination of the composition and content of sterols, triterpenic dialcohols and aliphatic alcohols by capillary gas chromatography)) set out in Annex I to Implementing Regulation (EU) 2022/2105, is less than 93,0 % of the total sterol peak areas.