#312065
(12) Aithnítear go bhféadfadh rannpháirtíocht EASA agus rannpháirtíocht údaráis inniúla na mBallstát i malartú agus in anailísiú faisnéise a chumhdaítear faoi Threoir 2003/42/CE a bheith chun tairbhe d’imscrúduithe sábháilteachta trí rochtain ar-líne ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht agus atá sa taisclann lárnach faisnéise ar tharluithe san eitlíocht shibhialta.
(12) It is recognised that the participation of EASA and of the competent authorities of the Member States in the exchange and analysis of information covered by Directive 2003/42/EC could benefit safety investigations through on-line access to relevant safety related information contained in the central repository of information on civil aviation occurrences.