#2025829
Costas clabhsúir
Close-out cost
Costas clabhsúir
Close-out cost
AVA iomlán a ríomhtar le haghaidh costais infheistíochta agus chistithe agus a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe faoi Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
The total AVA calculated for investing and funding costs and its allocation between market price uncertainty, close-out cost or model risk AVAs under Article 13 of Delegated Regulation (EU) 2016/101.
Maidir le héiginnteacht i bpraghas an mhargaidh, costas clabhsúir agus catagóirí priacail samhaltaithe, atá faoi réir leas an éagsúlaithe mar a leagtar amach in Airteagal 9(6), Airteagal 10(7) agus Airteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 faoi seach, déanfar leibhéal na catagóire AVA a nochtadh i gcolúin a go EU-e2 den teimpléad sin mar shuim dhíreach na AVAnna aonair roimh leas an éagsúlaithe.
For the market price uncertainty, close-out cost and model risk categories, which are subject to diversification benefit as set out under Articles 9(6), 10(7) and 11(7) of Delegated Regulation (EU) 2016/101 respectively, category level AVAs shall be disclosed in columns a to EU-e2 of this template as the straight sum of the individual AVAs before diversification benefit.
Déanfar an AVA iomlán maidir le raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte (“AVA maidir le CVA”) agus a leithdháileadh idir neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais clabhsúir nó AVAnna le haghaidh priacal de bharr samhaltú a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.
The total AVA for unearned credit spreads (‘AVA on CVA’) and its allocation between market price uncertainty, close-out cost or model risk AVAs shall be determined in accordance with Article 12 of Commission Delegated Regulation (EU) 2016/101.
Déanfar an AVA iomlán chun costais infheistíochta agus chistithe agus leithdháileadh na gcostas sin idir éiginnteacht i bpraghas an mhargaidh, costais clabhsúir nó AVAnna le haghaidh priacal de bharr samhaltú a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 ón gCoimisiún.
The total AVA for investing and funding costs and its allocation between market price uncertainty, close-out cost or model risk AVAs shall be determined in accordance with Article 13 of Commission Delegated Regulation (EU) 2016/101.
Maidir leis na catagóirí i dtaca le neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais ghlanta cuntais agus priacal de bharr an tsamhaltaithe, atá faoi réir sochar éagsúlaithe mar a leagtar amach in Airteagal 9(6), in Airteagal 10(7) agus in Airteagal 11(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, faoi seach, tuairisceofar AVAnna ar leibhéal catagóire, mura léirítear a mhalairt, mar shuim dhíreach AVAnna aonair roimh an sochar éagsúlaithe [toisc go dtuairiscítear in ítimí 1.1.2, 1.1.2.1 agus 1.1.2.2 den teimpléad sochair éagsúlaithe a ríomhtar trí mhodhanna 1 nó 2 d’Iarscríbhinn Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 a úsáid].
For the market price uncertainty, close-out cost and model risk categories, which are subject to diversification benefit as set out in Articles 9(6), 10(7) and 11(7) of Delegated Regulation (EU) 2016/101, respectively, category level AVAs shall be, unless indicated otherwise, reported as the straight sum of the individual AVAs before diversification benefit [since diversification benefits calculated using method 1 or method 2 of the Annex of Delegated Regulation (EU) 2016/101 are reported in items 1.1.2, 1.1.2.1 and 1.1.2.2 of the template].
Maidir leis na catagóirí i dtaca le neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costais ghlanta cuntais agus priacal de bharr an tsamhaltaithe, méideanna a ríomhtar faoin gcur chuige bunaithe ar shaineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (b), Airteagal 10(6), pointe (b) agus Airteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101, tuairisceofar ar leithligh iad i gcolúin 0020, 0040 agus 0060.
For the market uncertainty, close-out cost and model risk categories, amounts calculated under the expert-based approach as referred to in Article 9(5), point (b), Article 10(6), point (b) and Article 11(4) of Delegated Regulation (EU) 2016/101 shall be separately reported in columns 0020, 0040 and 0060.
AVA iomlán a ríomhtar le haghaidh raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte (‘AVA ar CVA’) agus a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe faoi Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101.
The total AVA calculated for unearned credit spreads (“AVA on CVA”) and its allocation between market price uncertainty, close-out cost or model risk AVAs under Article 12 of Delegated Regulation (EU) 2016/101.
Colún 0110: Ní thugtar AVA iomlán ach ar mhaithe le faisnéis amháin toisc go bhfágann a leithdháileadh idir AVAnna neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, costas glanta cuntais nó priacail de bharr an tsamhaltaithe go ndéantar é a chur san áireamh – tar éis sochair éagsúlaithe cuntais a chur san áireamh – faoi AVAnna leibhéil catagóire faoi seach.
Column 0110: The total AVA is given for information only as its allocation between market price uncertainty, close-out cost or model risk AVAs leads to its inclusion – after taking into account diversification benefits – under the respective category level AVAs.