#2440274
I gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíochta agus a bhfochonraitheoirí na hoibleagáidí is infheidhme maidir le pá, an ceart eagrúcháin, agus cómhargáil maidir le socrú pá, i réimse dhlí an tsaothair arna bhunú le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó forálacha dlí idirnáisiúnta sóisialta agus saothair, lena n-áirítear Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiúin Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949), agus an soláthar poiblí nó conarthaí lamháltais á mbronnadh agus á gcomhlíonadh acu.
In accordance with Directives 2014/23/EU, 2014/24/EU and 2014/25/EU, Member States shall take appropriate measures to ensure that, in the awarding and performance of public procurement or concession contracts, economic operators and their subcontractors comply with the applicable obligations regarding wages, the right to organise and collective bargaining on wage-setting, in the field of social and labour law established by Union law, national law, collective agreements or international social and labour law provisions, including ILO Freedom of Association and the Protection of the Right to Organise Convention No 87 (1948) and ILO Right to Organise and Collective Bargaining Convention No 98 (1949).