#2216013
I gcomhréir le cuspóirí chlár Eoraip na Cruthaitheachta, is iad na tosaíochtaí seo a leanas atá le bheith ag sraith an Chultúir: (a) an comhar trasnáisiúnta agus an ghné thrasteorann de chruthú, de scaipeadh agus d’infheictheacht saothar Eorpach agus soghluaisteacht oibreoirí sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a neartú; (b) rochtain ar chultúr agus rannpháirtíocht sa chultúr a mhéadú, agus rannpháirtíocht lucht féachana agus éisteachta a mhéadú agus forbairt an lucht féachana agus éisteachta a fheabhsú ar fud na hEorpa; (c) athléimneacht sochaithe a chur chun cinn agus feabhas a chur ar uilechuimsitheacht shóisialta agus ar idirphlé idirchultúrtha trí chultúr agus tríd an oidhreacht chultúrtha; (d) feabhas a chur ar acmhainneacht earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa, lena n-áirítear acmhainneacht daoine aonair a oibríonn sna hearnálacha sin, i dtaca le buanna a chothú, nuáil a dhéanamh, a bheith rathúil agus poist agus fás a ghiniúint; (e) féiniúlacht agus luachanna na hEorpa a neartú trí fheasacht ar chúrsaí cultúir, trí oideachas sna healaíona agus trí chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas; (f) fothú acmhainneachta in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí an phobail agus micrea-eagraíochtaí, ionas go mbeidh siad in ann a bheith gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta; agus (g) rannchuidiú le straitéis dhomhanda an Aontais i leith caidrimh idirnáisiúnta tríd an gcultúr.
In line with the objectives of the Creative Europe programme, the Culture strand is to have the following priorities: (a) to strengthen transnational cooperation and the cross-border dimension of the creation, circulation and visibility of European works and the mobility of operators in the cultural and creative sectors; (b) to increase access to and participation in culture and to increase audience engagement and improve audience development across Europe; (c) to promote societal resilience and to enhance social inclusion and intercultural dialogue through culture and cultural heritage; (d) to enhance the capacity of the European cultural and creative sectors, including the capacity of individuals working in those sectors, to nurture talent, to innovate, to prosper and to generate jobs and growth; (e) to strengthen European identity and values through cultural awareness, arts education and culture-based creativity in education; (f) to promote capacity building within the European cultural and creative sectors, including grassroots organisations and micro-organisations, so that they are able to be active at the international level; and (g) to contribute to the Union 's global strategy for international relations through culture.