#158684
(2) Féadfaidh an Bord a chur faoi deara freisin an fho-ithir faoi bhóithre, poiblí nó príobháideach, mórbhealaí, sráideanna agus cosáin, agus aon taobhlaigh iarnróid, tolláin, srutháin, sruthchúrsaí, séaraigh, silteáin, píopaí, hiodraint, príomhphíopaí gáis, cáblaí, sreanga agus gairis leictreachais a bheidh sa láthair atá beartaithe do na hoibreacha nó láimh leis sin a oscailt, a bhriseadh, a thrasnú, a athrú, a leathnú nó a chlaonadh nó baint leo ar aon slí eile, go buan nó go sealadach, de réir mar is gá nó is caothúil leo, chun na hoibreacha a dhéanamh agus a chríochnú nó i ndáil leis na hoibreacha nó le haon chuid díobh nó leis na hoibríochtaí nó na háiseanna a bhaineann leis an gcéanna nó chun aon cheann de chríocha a ghnóthais, ar choinníoll go ndéanfaidh an Bord, i gcomhairle leis an údarás bóthair (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1946), sula n-osclófar nó sula mbainfear leis an gcéanna ar shlí ar bith eile, gach beart is gá chun sábháilteacht agus cobhsaíocht a chinntiú d'aon bhóthar, mórbhealach, sráid, nó cosán a ndéanfar an fho-ithir fúthu a oscailt, a bhriseadh, a thrasnú, a athrú, a leathnú, a chlaonadh nó a mbainfear leo ar aon slí eile faoin Ordú seo, agus go soláthróidh sé, in ionad na dtaobhlach iarnróid, na dtollán, na sruthán, na sruthchúrsaí, na séarach, na silteán, na bpíopaí, na hiodrant, na bpríomhphíopaí gáis, na gcáblaí, na sreanga, nó na ngaireas leictreachais sin, slite maithe dóthanacha chun gabháil agus athghabháil nó chun trácht a sheoladh d'iarnróid nó de thaobhlaigh agus slite maithe dóthanacha chun an t-uisce agus an séarachas a thabhairt chun siúil ón talamh agus ó na háitribh atá tadhlach nó in aice leis an láthair sin agus lena mbaineann an cás, agus príomhphíopaí gáis, cáblaí, sreanga nó gairis eile leictreachais is leor mar mhalairt chun na gcríocha dar gnách ag fónamh na cáblaí, na sreanga agus na gairis eile leictreachais a athrófar nó a mbainfear leo amhlaidh, agus iad sin uile a bheith chomh caothúil ar gach bealach leis na tolláin, na srutháin, na sruthchúrsaí, na taobhlaigh iarnróid, na séaraigh, na silteáin, na píopaí, na hiodraint, na príomhphíopaí gáis, na cáblaí, na sreanga agus na gairis leictreachais a bheidh le hoscailt, le briseadh, le trasnú, le hathrú, le leathnú, le claonadh nó a mbeifear le baint leo ar shlí eile mar a dúradh.
(2) The Board may also cause the subsoil under public or private roads, highways, streets and footpaths and any railway-sidings, tunnels, streams, watercourses, sewers, drains, pipes, hydrants, gas mains, electric cables, wires and apparatus as shall be in or near the intended situation of the works to be either temporarily or permanently opened up, broken up, crossed, altered, extended, diverted or otherwise interfered with as it shall think necessary or convenient for making and completing the works or in connection with the works or any of them or the operations or conveniences connected therewith or for any of the purposes of its undertaking, provided that the Board does previous to opening up or otherwise interfering with the same make, in consultation with the road authority (within the meaning of the Local Government Act, 1946 ), all necessary arrangements to (ensure the safety and stability of any road, highway, street or footpath the subsoil under which is opened up, broken up, crossed, altered, extended, diverted, or otherwise interfered with under this Order and provide in lieu of such railway-sidings, tunnels, streams, watercourses, sewers, drains, pipes, hydrants, gas mains, electric cables, wires or apparatus, good and sufficient means of passing and repassing or conducting traffic by railway-sidings and good and efficient means for conveying off the water and sewage from the adjoining or neighbouring lands and premises affected and sufficient alternative gas mains, electric cables, wires or other apparatus for such purposes as the electric cables, wires and other apparatus so to be altered or interfered with are accustomed to serve, as convenient in all respects as the tunnels, streams, watercourses, railway-sidings, sewers, drains, pipes, hydrants, gas mains, electric cables, wires and apparatus to be opened up, broken up, crossed, altered, extended, diverted or otherwise interfered with as aforesaid.