#671875
D’fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir le hallmhairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le bearta lena gcinntear na táirgí talmhaíochta próiseáilte ar cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a bheith infheidhme orthu chun cosc a chur ar thionchair dhíobhálacha ar mhargadh an Aontais nó chun gníomhú in aghaidh na dtionchar sin, bearta chun na dleachtanna allmhairiúcháin breise sin a chur i bhfeidhm maidir le teorainneacha ama chun an praghas allmhairiúcháin a chruthú, fianaise dhoiciméadach a chur isteach, agus leibhéal na dleachtanna allmhairiúcháin breise a chinneadh, bearta lena socraítear na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna chun dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm, bearta maidir le formáid agus inneachar an cheadúnais allmhairiúcháin i gcás ubh-albaimine agus lachtalbaimine, maidir le hiarratais ar a chur isteach agus maidir leis na ceadúnai s allmhairiúcháin sin a eisiúint agus a úsáid, maidir lena dtréimhse bailíochta, maidir leis an nós imeachta i dtaca le taisceadh urrúis i ndáil leis na gceadúnais sin agus méid an urrúis sin, maidir leis an bhfianaise is gá chun comhlíonadh na gceanglas i leith úsáid na gceadúnas sin a chruthú, maidir le méid an lamháltais i ndáil le comhlíonadh chun an cainníocht dá dtagraítear sa cheadúnas allmhairiúcháin a allmhairiú, agus maidir le ceadúnais athsholáthair agus ceadúnais dhúblacha a eisiúint, maidir le bearta i ndáil le láimhseáil ceadúnas allmhairiúcháin ag na Ballstáit, agus maidir le malartú na faisnéise is gá chun bainistiú a dhéanamh ar chóras na gceadúnas allmhairiúcháin i gcomhair ubh-albaimine agus lachtalbaimine lena n-áirítear na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh sonrach riaracháin idir na Ballstáit, ríomh dleachtanna ar allmhairí agus socrú leibhéal na ndleachtanna allmhairiúcháin ar tháirgí talmhaíochta próiseáilte agus s ocruithe trádála idirnáisiúnta á gcur chun feidhme.
In order to ensure uniform conditions for the implementation of this Regulation as regards imports, implementing powers should be conferred on the Commission in respect of measures determining the processed agricultural products to which additional import duties should apply in order to prevent or counteract adverse effects on the Union market, measures for the application of those additional import duties as regards time limits for proving the import price, for the submission of documentary evidence, and for determining the level of the additional import duties, measures fixing the representative prices and trigger volumes for the purposes of applying additional import duties, measures on the format and the content of the import licence for ovalbumin and lactalbumin, on the submission of applications and the issuing and use of those import licences, on their period of validity, on the procedure for lodging a security in respect of those licences and its amount, on the evidence needed to prove that the requir ements for the use of those licences have been fulfilled, on the level of tolerance as regards compliance with the obligation to import the quantity mentioned in the import licence, and on the issuing of replacement and duplicate import licences, measures on the treatment of import licences by the Member States, as well as on the exchange of information needed for the management of the system of import licences for ovalbumin and lactalbumin, including the procedures relating to specific administrative assistance between Member States, to the calculation of import duties and to the fixing of the level of import duties for processed agricultural products in the implementation of international arrangements.