#1625343
Go dtugann Dáil Éireann dá haire an dul chun cinn an-mhór atá déanta le trí bliana anuas i dtaca le haghaidh a thabhairt ar na ceisteanna bunúsacha is ábhar buartha do na pobail uile ar fud na tíre agus go háirithe: .
pleananna gníomhaíochta fostaíochta agus beartais eacnamaíocha a chur i ngníomh trína ndearnadh beagnach 300,000 post a chruthú, laghdú iontach ar an dífhostaíocht ó 10% go 4.6% agus ar an dífhostaíocht fhadtéarmach ó 5% go 1.7%; .