Measann an Coimisiún go bhfuil an margadh le haghaidh seirbhísí leathanbhanda fosaithe ar leithligh ón margadh le haghaidh seirbhísí leathanbhanda móibíleacha.
The Commission considers the market for fixed broadband services as separate from the market for mobile broadband services.
#3061569
Cé go soláthraíonn gach caighdeán IMT seirbhísí gutha móibíleacha, ní féidir ach leis na caighdeáin IMT is nuaí seirbhísí leathanbhanda móibíleacha feidhmíochta a sholáthar, lena n-áirítear aga folaigh níos ísle agus acmhainneachtaí tarchurtha níos airde.
While all IMT standards provide mobile voice services, only the newest IMT standards can provide performant mobile broadband services, including lower latency and higher transmission capacities.
#3061871
[27] Tá gach córas leathanbhanda móibíleach (2G, 3G, 4G agus 5G) bunaithe ar chaighdeáin Teileachumarsáide Móibílí Idirnáisiúnta (IMT) de chuid an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide.
[27] All mobile broadband systems (2G, 3G, 4G and 5G) are based on the International Telecommunication Union’s International Mobile Telecommunication (IMT) standards.
#3061872
Is éard atá i gcaighdeáin IMT sonraíochtaí agus ceanglais le haghaidh seirbhíse móibílí leathanbhanda ardluais bunaithe ar an dul chun cinn teicneolaíoch a rinneadh sa tráthchlár ábhartha.
IMT standards are specifications and requirements for high-speed mobile broadband service based on the technological progress in the relevant time frame.
#3061881
Is dócha go ndíreofar ar sheirbhísí leathanbhanda móibíleacha feabhsaithe (ceann amháin de na sraitheanna de chásanna úsáide arna sainíodh le haghaidh 5G) i leathadh amach tosaigh líonra 5G.
The initial roll-out of 5G network will likely focus on enhanced mobile broadband services (one of the sets of use cases defined for 5G).
#3062180
Samhail na tacaíochta chomhchineáil: Tacaíonn na Ballstáit le leathanbhanda fosaithe nó móibíleach a chur in úsáid trí bhonneagair atá ann cheana nó atá díreach tógtha a chur ar fáil d’oibreoirí líonraí leathanbhanda.
Support in kind model: Member States support fixed or mobile broadband deployment by putting at the disposal of broadband network operators existing or newly built infrastructures.
#2228533
Mar fhreagairt ar an sainordú sin, an 13 Márta 2018 ghlac CEPT Tuarascáil 66 CEPT, lena sainaithnítear teicneolaíochtaí IoT gan sreang i ndáil le córais chumarsáide leathanbhanda mhóibíligh (i.e. ceallach) agus coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir lena n-úsáid i mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz.
In response to that mandate, on 13 March 2018, the CEPT adopted its CEPT Report 66, which identifies wireless IoT technologies in relation to mobile broadband (i.e. cellular) communications systems and harmonised technical conditions for their use in the 900 MHz and 1800 MHz frequency bands.
#2632999
In 2021, i dteannta leis na tionscadail a thacaíonn leis an rolladh amach agus le glacadh seirbhísí leathanbhanda fosaithe, rinne an Coimisiún roinnt tionscadal a fhormheas maidir le rolladh amach seirbhísí leathanbhanda gan sreang, lena n-áirítear, i mí na Bealtaine 2021, scéim cabhrach sa Ghearmáin de EUR 2,1 billiún agus, i mí na Nollag 2021, scéim sa Spáinn chun tacú le bonneagar éighníomhach a imscaradh ar mhaithe le seirbhísí cumarsáide móibíleacha i gceantair gan clúdach móibíleach 4G a thacú.
In 2021, in addition to projects supporting the roll-out and take-up of fixed broadband services, the Commission approved several projects concerning the roll-out of mobile broadband services, including, in May 2021, a EUR 2.1 million German aid scheme and, in December 2021, a Spanish scheme to support the deployment of passive infrastructure for the provision of mobile communication services in areas without 4G mobile coverage.
#3061319
Soláthraíonn na treoirlínte seo treoraíocht maidir leis an mbealach a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú, ar bhonn Airteagal 106(2), Airteagal 107(2), pointe (a), agus Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar chomhoiriúnacht na Státchabhrach le haghaidh cur in úsáid agus glacadh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda fosaithe agus móibíleacha.
These Guidelines provide guidance on how the Commission will assess, on the basis of Article 106(2), Article 107(2), point (a), and Article 107(3), point (c), of the Treaty, the compatibility of State aid for the deployment and take-up of fixed and mobile broadband networks and services.
#3062184
Samhail an lamháltóra:Maoiníonn Ballstáit leathadh amach líonra leathanbhanda fosaithe nó móibílí, a fhanann faoi úinéireacht phoiblí, ach déantar oibriú an líonra a thairiscint trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch do sholáthraí cumarsáide leictreonaí chun an líonra a bhainistiú agus a shaothrú ar bhonn tráchtála.
Concessionaire model: Member States finance the roll-out of a fixed or mobile broadband network, that remains in public ownership, whereas its operation is offered through a competitive selection procedure to an electronic communication provider to manage and commercially exploit it.