#1382372
—(1) Más rud é, idir an tráth a dhéanfar iarratas ar ordú urchoisc agus an tráth a dhéanfar cinneadh air, gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil cúiseanna réasúnacha ann lena chreidiúint gur gá sin ar mhaithe le sábháilteacht nó leas an chéile is iarratasóir nó aon linbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú cosanta” san Acht seo) nach ndéanfaidh an céile is freagróir foréigean a imirt ná a bhagairt, ná araoid ná eagla a chur, ar an gcéile is iarratasóir ná ar an leanbh.
—(1) If, between the making of an application for a barring order and its determination, the Court is of opinion that there are reasonable grounds for believing that the safety or welfare of the applicant spouse or of any child so requires, the Court may make an order (in this Act called a "protection order") that the respondent spouse shall not use or threaten to use violence against, molest or put in fear the applicant spouse or the child.