#2994979
Ag an 21ú cruinniú speisialta dá chuid in 2018, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’), arna bhunú leis an gCoinbhinsiún, Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir (‘an Plean Bainistíochta’). Leanann an Plean Bainistíochta comhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (‘SCRS’) atá ag ICCAT a deir gur cheart do ICCAT plean bainistíochta ilbhliantúil a bhunú don stoc a bhí ann in 2018, mar de réir stádais an stoic, is cosúil nach bhfuil na bearta éigeandála a tugadh isteach faoin bplean téarnaimh don tuinnín gorm, a bunaíodh le Moladh 17-07 lena leasaítear Moladh 14-04 ag teastáil feasta, ach gan na bearta faireacháin agus rialaithe atá ann cheana a lagú.
At its 21st special meeting in 2018, the International Commission for the Conservation of Atlantic Tunas (‘ICCAT’), established by the Convention, adopted Recommendation 18-02 establishing a multiannual management plan for bluefin tuna in the eastern Atlantic and the Mediterranean (‘the Management Plan’).The Management Plan follows the advice of the ICCAT’s Standing Committee on Research and Statistics (‘SCRS’) stating that ICCAT should establish a multiannual management plan for the stock in 2018 since the current status of the stock no longer appears to require the emergency measures introduced under the recovery plan for bluefin tuna, which was established by Recommendation 17-07 amending Recommendation 14-04, but without weakening existing monitoring and control measures.