#3050133
á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta go nglacfaí a Straitéis Chibearshlándála lena dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí nach mór a dhéanamh chun athléimneacht i gcoinne bagairtí cibearshlándála a mhéadú agus chun taifid dhigiteacha na Gníomhaireachta a chosaint; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, sa réimse sin na bearta is tábhachtaí a cuireadh chun feidhme in 2021, lena n-áirítear an cumas feabhsaithe faireacháin slándála, cumas bainistithe leochaileachta TFC agus an teicneolaíocht um Brath agus Freagairt Críochphointe; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht Rialacha Slándála Frontex, Creat Bainistíochta Faisnéise agus Straitéis TFC Frontex, 2022-2027; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht Lárionad Oibríochtaí Slándála 24/7 le haghaidh oibríochtaí cibearshlándála a chur chun feidhme;
Welcomes the Agency’s decision to adopt its Cybersecurity Strategy that addresses the actions that must be performed to increase resilience against cybersecurity threats and protect the Agency’s digital records; further welcomes in this area the most important measures implemented in 2021, including the enhanced security monitoring capability, the ICT vulnerability management capability and the Endpoint Detection and Response technology; notes that the Agency has adopted the Frontex Security Rules, the Frontex Information Management Framework and ICT Strategy 2022-2027; notes further that the Agency plans to implement a 24/7 Security Operations Centre for cybersecurity operations;