#1348499
—Déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1979, an ráta cánach breisluacha ar ghléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní, a mhéadú ó 10 faoin gcéad den méid nó den luach, cibé acu é, ar inmhuirearaithe cáin ar na hearraí sin ina leith go dtí 20 faoin gcéad den méid nó den luach sin agus, dá réir sin, leasófar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 —
—With effect as on and from the 1st day of March, 1979, the rate of value-added tax on radio receiving sets that are of the domestic or portable type or that are of a type suitable for use in road vehicles, and on gramophones, radio-gramophones and record players, shall be increased from 10 per cent. of the amount or value, as the case may be, in respect of which tax is chargeable on those goods to 20 per cent. of that amount or value and, accordingly, the Third Schedule to the Value-Added Tax Act, 1972 , shall be amended—