#711906
Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh.1095/2010, maidir le nósanna imeachta agus saintréithe na feidhme formhaoirseachta; maidir le conas oiriúnacht agus infhíoraitheacht na sonraí ionchuir a áirithiú chomh maith leis nósanna imeachta formhaoirseachta inmheánaí agus fíorúcháin rannchuiditheora; maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag riarthóir faoin tagarmharc agus faoin modheolaíocht; maidir leis na gnéithe den chód iompair; maidir leis na ceanglais a bhaineann le córais agus rialuithe; maidir leis na critéir gur cheart don údarás inniúil a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige ar cheart ceanglais áirithe bhreise a chur i bhfeidhm; maidir le hinneachar an ráitis tagarmhairc agus na cásanna ina n-éilítear nuashonrú ar ráiteas den sórt sin; maidir le hinneachar íosta na socrutihe comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM; maidir le foirm agus inneachar an iarratais le haghaidh riarthóir tríú tír a aithint agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar leis an iarratas sin; agus maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar leis an iarratas sin le haghaidh údarú nó clárú.
The Commission should adopt draft regulatory technical standards developed by ESMA by means of delegated acts pursuant to Article 290 TFEU and in accordance with Articles 10 to 14 of Regulation (EU) No 1095/2010, regarding the procedures and the characteristics of the oversight function; regarding how to ensure the appropriateness and the verifiability of the input data as well as the internal oversight and verification procedures of a contributor; regarding the information to be provided by an administrator about the benchmark and methodology; regarding the elements of the code of conduct; regarding the requirements concerning systems and controls; regarding the criteria that the competent authority should take into account when deciding whether to apply certain additional requirements; regarding the contents of the benchmark statement and the cases in which an update of such a statement is required; regarding the minimum content of the cooperation arrangements between the competent authorities and ESMA; regarding the form and content of the application for recognition of a third country administrator and presentation of the information that is to be provided with such an application; and regarding the information to be provided in the application for authorisation or registration.