#857689
—(1) Más rud é, in aon tsaosúr díola (cruithneacht) de bhliain arbhair, go mbeidh an meán-phraghas cinnte an barraille ar chruithneachtain dúthchais inmheilte in aghaidh an tsaosúir sin níos lugha ná an riail-phraghas an barraille in aghaidh an tsaosúir sin, ansan, gach duine a chruthóidh chun sástachta an Aire go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais inmheilte do baineadh i rith na bliana arbhair sin do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, le deighleálaí cláruithe i gcruithneachtain, le driogaire cláruithe no leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála no, más sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta é, go ndearna sé sa tsaosúr san aon chruithneacht dúthchais do baineadh i rith na bliana arbhair sin agus do fásadh in áitreabh go raibh sé cláruithe ina thaobh i gclár na bhfásóirí cruithneachtan ar feadh na ráithe roimh thosach na bliana arbhair sin do mheilt ina plúr no ina min chruithneachtan, íocfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so (agus an t-alt so d'áireamh), leis an duine sin, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, alos gach barraille den chruithneachtain sin suim (dá ngairmtear deolchaire chruithneachtan san Acht so) is có-ionann leis an deifríocht idir an meán-phraghas cinnte sin an barraille agus an riail-phraghas san an barraille.
—(1) If in any sale (wheat) season of a cereal year the ascertained average price per barrel of home-grown millable wheat for that season is less than the standard price per barrel for that season, every person who proves to the satisfaction of the Minister that in that season, he has sold to the holder of a milling licence, a registered wheat dealer, a registered distiller or the Minister for Industry and Commerce any home-grown millable wheat harvested during such cereal year or, being the holder of a milling licence has milled into flour or wheaten meal any home-grown wheat harvested during such cereal year and grown on premises in respect of which he was registered in the register of wheat growers during the period of three months before the commencement of such cereal year shall, subject to the provisions of this Act (including this section) be paid by the Minister, out of moneys provided by the Oireachtas, in respect of every barrel of such wheat a sum (in this Act referred to as a wheat bounty) equal to the difference between such ascertained average price per barrel and such standard price per barrel.