#487471
(2) Ní dhéanfaidh aon chreidiúnaí tánaisteach de chuid forais iomchuí a mbeidh ordú um dhliteanais thánaisteacha déanta i ndáil leis aon cheart fritháirimh a fheidhmiú nó a éileamh i leith aon mhéid (ar méid é a eascraíonn faoi na dliteanais thánaisteacha iomchuí, nó i dtaca leo) a bheidh dlite den fhoras iomchuí don chreidiúnaí tánaisteach.
(2) No subordinated creditor of a relevant institution in relation to which a subordinated liabilities order has been made may exercise or claim any right of set-off in respect of any amount (being an amount arising under or in connection with the relevant subordinated liabilities) owed to the subordinated creditor by the relevant institution.