#964962
—(1) Má thárlann aon tráth i mbliain chánach ioncuim, sara mbeidh rún go n-éifeacht reachtúil aige de bhuadh Achta 1927 ag forchur cánach ioncuim agus forchánach don bhliain sin rithe ag an gCoiste um Airgeadas, gur deimhin leis an Taoiseach an Coiste um Airgeadas do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe námhad, ar theacht le chéile chun go mbreithneoidís agus, i gcás inarbh oiriúnach leo é, go rithfidís an rún san, is dleathach don Taóiseach a dhearbhú i scríbhinn an Coiste um Airgeadas do bheith éagcumasach, de dheascaibh gníomhuithe fórsaí armtha tíre eile, ar theacht le chéile chun cáin ioncuim agus forcháin don bhliain chánach ioncuim a bheidh ag rith an uair sin do bhreithniú agus, más oiriúnach leo é, d'fhorchur.
—(1) If at any time in an income tax year before a resolution having statutory effect by virtue of the Act of 1927 and imposing income tax and sur-tax for that year has been passed by the Committee on Finance, the Taoiseach is satisfied that, owing to enemy action, the Committee on Finance is unable to meet for the purpose of considering and, if thought fit, passing such resolution, it shall be lawful for the Taoiseach to make a declaration in writing declaring that the Committee on Finance is unable, owing to the action of the armed forces of another country, to meet for the purpose of considering and, if thought fit, imposing income tax and sur-tax for the then current income tax year.