Gaois

Search direction

Search mode

Filter results

Collections

27 results in 14 documents

  1. #794493

    Blianacht ionstadtha chun roimhíocanna na gCoimisinéirí d'aisíoc.

    Terminable annuity for repayment of advances by Commissioners.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  2. #794495

    —(1) Caipitalófar ús a bheidh, do réir an ráta a ordóidh an tAire Airgid, ar roimh-íocanna na gCoimisinéirí ón dáta no o sna dátaí fé seach ar ar roimh-íocadh na roimh-íocanna san go dtí tosach na blianachta ionstadtha tré n-a n-aisíocfar iad agus, tré bhlianacht ionstadtha a háireofar i pé slí agus a leanfidh ar feadh pé méid blian a ordóidh an tAire Airgid, aisíocfar leis na Coimisinéirí iomlán na roimh-íocanna san agus an úis chaipitaluithe sin maraon le hús do réir an ráta a ordóidh an tAire Airgid.

    —(1) Interest at the rate directed by the Minister for Finance on the advances by the Commissioners from the date or respective dates on which the same were advanced up to the commencement of the terminable annuity for the repayment thereof shall be capitalised and the total amount of such advances and the capitalised interest thereon shall be repaid to the Commissioners with interest at the rate directed by the Minister for Finance by means of a terminable annuity calculated in such manner and continuing for such number of years as the Minister for Finance shall direct.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  3. #794497

    (2) I dteanta méid na blianachta ionstadtha ordófar leis an mola deiridh an dáta (nách mó ná ráithe roimh dháta an mholta dheiridh ná ráithe tar éis an dáta san) óna dtosnóidh an bhlianacht ionstadtha san, na laetheanta cinn leath-bhliana a bheidh sí iníoctha, agus an méid blian a leanfa sí, agus is dá réir sin a bheidh an bhlianacht san iníoctha.

    (2) The final award shall, in addition to the amount of the terminable annuity, prescribe the date (not being more than three months before or three months after the date of the final award) from which the said terminable annuity is to commence, the half-yearly days on which the same is to be payable, and the number of years during which it is to continue, and the said annuity shall be payable accordingly.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  4. #794505

    (3) Gach blianacht ionstadtha no cuid de bhlianacht ionstadtha is iníoctha ag comhairle chontae fén alt so, is ar na tráthanna agus sa tslí a ceapfar leis an mola deiridh chun a híoctha a íocfidh an chomhairle sin í agus is amach as an airgead a chruinneoidh an chomhairle sin tríd an ráta dréineála a híocfar í amhlaidh agus, maran leor agus sa mhéid nách leor an t-airgead san, is amach as an gciste contae a híocfar í.

    (3) Every terminable annuity or portion of a terminable annuity payable by a county council under this section shall be paid by such council at the times and in the manner appointed for the payment thereof by the final award and shall be so paid out of the moneys raised by such council by means of the drainage rate and if and so far as such moneys are not sufficient out of the county fund.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  5. #1217069

    (a) is é méid na blianachta infhoirceannta a bheidh le híoc maidir leis an iostán mar chomaoin i leith é a cheannach an méid (dá ngairtear an méid athscrúdaithe san alt seo) a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus an méid bliantúil is iníoctha i leith an chíosa sin, arna athscrúdú amhlaidh, agus a bheidh idir méid na blianachta infhoirceannta a shonrófar sa scéim cheannaigh iomchuí agus an méid ab iníoctha sa bhliain maidir leis gcíos sin nuair a tháinig an scéim cheannaigh i bhfeidhm, agus

    ( a ) the amount of the terminable annuity to be paid in respect of the cottage as the consideration for the purchase thereof shall be the amount (in this section referred to as the revised amount),which bears the same proportion to the yearly amount payable in respect of such rent, when so revised, as the amount of the terminable annuity specified in the relevant purchase scheme bears to the amount which was payable annually as respects such rent when the purchase scheme came into force, and

    Number 21 of 1966: HOUSING ACT 1966

  6. #794467

    (f) méid na blianachta ionstadtha tré n-a ndéanfar roimhíocanna na gCoimisinéirí d'aisíoc do réir an Achta so, agus

    ( f ) the amount of the terminable annuity by which the advances by the Commissioners are, to be repaid in accordance with this Act, and

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  7. #823742

    cialluíonn an abairt “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht inchríochnuithe is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh in aisíoc roimh-íoca d'íoc an Coimisiún san fé sna hAchtanna san;

    the expression "land purchase annuity" means a terminable annuity payable to the Irish Land Commission under the Land Purchase Acts in repayment of an advance made by that Commission under those Acts;

    Number 30 of 1929: AGRICULTURAL CREDIT ACT, 1929

  8. #903074

    (i) méid na blianachta inchríochnuithe bheidh le n'íoc alos an iostáin sin i gcomaoine a cheannuithe,

    (i) the amount of the terminable annuity to be paid in respect of such cottage as the consideration for the purchase thereof,

    Number 24 of 1936: LABOURERS ACT, 1936

  9. #903084

    (a) cialluíonn an abairt “an bhlianacht” an bhlianacht inchríochnuithe luadhfar sa scéim sin maidir leis an iostán san;

    ( a ) the expression "the annuity" means the terminable annuity specified in such scheme in relation to such cottage;

    Number 24 of 1936: LABOURERS ACT, 1936

  10. #924309

    cialluíonn an abairt “an phrímh-bhlianacht” an bhlianacht inchríochnuithe luaidhtear maidir leis an iostán san sa scéim cheannaigh (do réir bhrí an Phríomh-Achta) a bhaineann leis an iostán san,

    the expression "the principal annuity" means the terminable annuity specified in relation to such cottage in the purchase scheme (within the meaning of the Principal Act) applicable to such cottage,

    Number 42 of 1937: HOUSING AND LABOURERS ACT, 1937

  11. #979035

    (v) cad is méid don bhlianacht infhorceanta trína mbeidh an tsuim do réamhíoc na Coimisinéirí inaisíoctha do réir ailt 16 d'Acht 1925;

    (v) the amount of the terminable annuity by which the sum advanced by the Commissioners is to be repaid in accordance with section 16 of the Act of 1925 ;

    Number 3 of 1945: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1945

  12. #1090931

    (f) blianacht infhorceannta is iníoctha i leith iasachta faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934;

    ( f ) a terminable annuity payable in respect of a loan under the Housing (Gaeltacht) Acts, 1929 and 1934;

    Number 6 of 1957: STATUTE OF LIMITATIONS, 1957

  13. #1217071

    (b) measfar chun críocha Acht 1936 méid na blianachta infhoirceannta a shonrófar sa scéim cheannaigh iomchuí a bheith comhionann leis an méid athscrúdaithe.

    ( b ) the amount of the terminable annuity specified in the relevant purchase scheme shall, for the purposes of the Act of 1936, he deemed to be equal to the revised amount.

    Number 21 of 1966: HOUSING ACT 1966

  14. #1334528

    ciallaíonn “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht infhoirceanta is iníoctha faoin ainm sin le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh d'aisíoc airleacan ón gCoimisiún sin faoi na hAchtanna sin;

    "land purchase annuity" means a terminable annuity payable under that name to the Land Commission under the Land Purchase Acts in repayment of an advance made by that Commission under those Acts;

    Number 2 of 1978: AGRICULTURAL CREDIT ACT, 1978

  15. #1703173

    Aon uair a dhéanfar aon mhéid nó líon stoc, scaireanna nó urrús eile sa Chúirt (dá ngairtear an t-urrús bunaidh sa riail seo) a chomhshó in aon stoc nó scaireanna eile, nó in aon urrúis eile (dá ngairtear an t-urrús ionaid sa riail seo), sa dóigh go mbeidh difríocht idir an tuairisc ar an gcéanna agus an tuairisc a bheidh tugtha ar an urrús bunaidh san ordú nó san údarás eile faoina mbeidh an Cuntasóir ag gníomhú ina leith, díscríobhfaidh an Cuntasóir an t-urrús bunaidh arna chomhshó amhlaidh as an gcuntas a bhféadfaidh sé go mbeidh an céanna chun creidiúna dó, agus cuirfidh sé chun an chuntais chéanna cuid chomhréireach den urrús ionaid; agus, ach amháin a mhéid a fhéadfaidh sé go ndéanfar difear d'aon urrús bunaidh le haon ordú a thabharfar go dtí Oifig an Chuntasóra i dtráth cuí chun na críche, tabharfaidh an Cuntasóir éifeacht, a mhéid is indéanta, do gach cuid d'aon ordú nó údarás eile faoina mbeidh sé tar éis bheith ag gníomhú agus ina dtagrófar d'aon urrús bunaidh den sórt sin arna chomhshó mar a dúradh, nó do na díbhinní air, amhail is dá mbeifí ag tagairt inti don urrús ionaid nó do na díbhinní air; ar an gcoinníoll nach ndéanfar íocaíochtaí ioncaim dá bhun seo, gan ordú, in aon chás inar blianacht infhoirceanta an t-údarás ionaid; mura rud é go mbeidh an bhlianacht infhoirceanta sin bunaithe ar asbhaint i leith ciste fiachmhúchta a mbeidh sé beartaithe dó go nglacfaidh sé ionad chaipiteal an urrúis bhunaidh.

    Whenever any amount or number of stocks, shares or other securities in Court (in this rule referred to as the original security) is converted into any other stock, shares, or other securities (in this rule referred to as the substituted security), so that the description thereof will differ from the description given of the original security in the order or other authority under which the Accountant acts respecting the same, the Accountant shall write off from the account to which the same may be standing the original security so converted, and shall place to the same account a proportionate part of the substituted security; and except in so far as any original security may be affected by any order brought to the Accountant's Office in due time for that purpose, the Accountant shall, as far as may be practicable, give effect to every part of any order or other authority under which he has been acting which shall refer to any such original security so converted as aforesaid, or the dividends thereon, as if it referred to the substituted security or the dividends thereon; provided that payments of income shall not be made in pursuance hereof, without an order, in any case where the substituted authority is a terminable annuity; unless such terminable annuity is based upon a deduction for sinking fund intended to replace the capital of the original security.

    S.I. No. 15 of 1986: The Rules of the Superior Courts

  16. #477182

    folaíonn “cíos” cíos coinbhinsiúin, cíosmhuirear de réir bhrí alt 2 (1) de Reacht na dTréimhsí 1957 agus blianacht infhoirceanta is iníoctha i leith iasachta chun áras comhroinnte a cheannach; ciallaíonn “áras comhroinnte”—

    “rent” includes a conventional rent, a rentcharge within the meaning of section 2(1) of the Statute of Limitations 1957 and a terminable annuity payable in respect of a loan for the purchase of a shared home;

    CIVIL PARTNERSHIP AND CERTAIN RIGHTS AND OBLIGATIONS OF COHABITANTS ACT 2010

  17. #794309

    (c) á thógaint ortha féin, má dintar ceanntar dréineála fé leith de sna tailte dá dtagartar san achuinge, no d'aon chuid acu, i dteanta no d'éamais tailte eile i gcomhursanacht na dtailte sin, go ndéanfadh an chomhairle na hoibreacha dréineála a déanfí sa cheanntar dhréineála san do choinneáil i dtreo sa mhéid go mbeidís suidhte i gcontae na comhairle agus go mbaileoidís agus go n-íocfidís an bhlianacht ionstadtha, na rátaí dréineála, agus airgead eile a bheadh ionbhailithe no iníoctha acu ar scór na n-oibreacha san do dhéanamh no do choinneáil i dtreo.

    ( c ) undertaking that if the lands referred to in the petition or any part thereof, either together with or without other lands in the neighbourhood thereof, are constituted a separate drainage district the council would maintain the drainage works constructed in such drainage district so far as the same are situate in their county and would collect and pay the terminable annuity, drainage rates, and other moneys collectable or payable by them in respect of the construction or maintenance of such works.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  18. #794469

    (g) na cionúireachtaí ina mbeidh ar na tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh an ráta dréineála d'íoc chun íoctha na blianachta ionstadtha san agus chun íoctha costais bhliantúla na n-oibreacha san do choinneáil i dtreo, agus

    ( g ) the proportions in which the said lands so drained or improved are to be liable to contribute to the drainage rate for payment of the said terminable annuity and the annual cost of the maintenance of the said works, and

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  19. #794471

    (h) an chontae no an roinnt chontaethe ina luíonn na tailte sin a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh, agus, más i mbreis agus aon chontae amháin a luíonn na tailte sin, na cionúireachtaí ina mbeidh roimh-íocanna na gCoimisinéirí agus an t-ús ar na roimh-íocanna san agus an bhlianacht ionstadtha san agus an costas bliantúil sin na n-oibreacha do choinneáil i dtreo ina n-ualach ar chomhairlí fé seach na gcontaethe sin, agus

    ( h ) the county or several counties in which the said lands so drained or improved are situate, and, where such lands are situate in more than one county, the proportions in which the advances by the Commissioners and the interest thereon and the said terminable annuity and the said annual cost of maintenance are to be borne by the respective councils of such counties, and

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  20. #794501

    —(1) Oibreoidh an mola deiridh chun go ndéanfadh sé agus déarfar ann go ndineann sé roimh-íocanna na gCoimisinéirí agus an t-ús ortha agus an bhlianacht ionstadtha tré n-a n-aisíocfar idir roimh-íocanna agus ús do chur mar mhuirear ar chiste chontae na contae ina luíonn na tailte a dréineáladh no a feabhsuíodh amhlaidh mar adubhradh no, más i mbreis agus aon chontae amháin a luíonn na tailte sin, ar chistí contae fé seach na gcontaethe sin uile do réir na gcionúireachtaí sin ina ndeirtar sa mhola dheiridh an muirear a bheith le n'íoc ag comhairlí na gcontaethe sin.

    —(1) The final award shall operate and be expressed to charge the advances by the Commissioners and the interest thereon and the terminable annuity for repayment thereof on the county fund of the county in which the lands so drained or improved as aforesaid are situate or, where such lands are situate in more than one county, on the respective county funds of all such counties in the proportions in which the councils of such counties are stated in the final award to be liable to contribute thereto.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  21. #794503

    (2) An chomhairle chontae go mbeidh ar a ciste contae muirear na blianachta ionstadtha tré n-a n-aisíocfar roimh-íocanna na gCoimisinéirí isí a íocfidh an bhlianacht san leis na Coimisinéirí no, más ar bhreis agus aon chiste contae amháin a bheidh muirear na blianachta san, isiad na comhairlí contae uile agus fé seach go mbeidh an muirear san ar a gcistí contae a dhéanfidh amhlaidh agus san do réir na gcoinúireachtaí ina bhfuil an bhlianacht muirearuithe amhlaidh.

    (2) The terminable annuity for the repayment of the advances by the Commissioners shall be paid to the Commissioners by the county council on whose county fund the same is charged or, where the said annuity is charged on more than one county fund, by the several county councils on whose county funds the same is charged in the proportions in which the same is so charged.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  22. #794507

    (4) Féadfidh na Coimisinéirí gach airgead is iníoctha ag comhairle chontae leis na Coimisinéirí ar scór blianachta ionstadtha fén Acht so d'fháil ón gcomhairle sin le haicsean dlí.

    (4) All moneys payable by the council of a county to the Commissioners in respect of a terminable annuity under this Act may be recovered by the Commissioners from such council by action at law.

    Number 33 of 1925: ARTERIAL DRAINAGE ACT, 1925

  23. #805008

    —(1) Gach suim a roimh-íocfidh agus a íocfidh an tAire Airgid le ciste cúitimh do réir éilimh ón gcisteoir fén gCuid seo den Acht so aisíocfar leis an Stát-Chiste í tré bhlianacht ionstadtha (dá ngairmtear blianacht chúitimh sa Chuid seo den Acht so) a háireofar do réir seacht bpúint agus deich scillinge in aghaidh gach céad punt den tsuim do roimh-íocadh agus do híocadh amhlaidh agus mar sin do réir an chothruim sin in aghaidh aon tsuime is lú ná san, agus a bheidh iníoctha amach as an líomatáiste ceadúcháin le n-a mbaineann an ciste cúitimh sin ag na daoine, sna tráthanna, agus sa tslí a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so.

    —(1) Every sum advanced and paid by the Minister for Finance to a compensation fund pursuant to a requisition by the treasurer under this Part of this Act shall be repaid to the Exchequer by means of a terminable annuity (in this Part of this Act called a compensation annuity) calculated at the rate of seven pounds and ten shillings for every one hundred pounds of the sum so advanced and paid and so in proportion for any less sum and payable out of the licensing area to which the said compensation fund relates by the persons, at the times, and in the manner appointed by this Part of this Act.

    Number 15 of 1927: INTOXICATING LIQUOR ACT, 1927

  24. #903066

    —(1) Nuair a húsáidtear an abairt “scéim cheannaigh” maidir le hiostán no iostáin i gceanntar sláinte contae cialluíonn sí, chun crícheanna an Achta so, scéim ina luaidhtear téarmaí ceannaigh (tré bhlianacht inchríochnuithe d'íoc) fén Acht so don iostán no do sna hiostáin sin.

    —(1) For the purposes of this Act the expression "purchase scheme" when used in relation to a cottage or cottages situate in a county health district means a scheme setting out terms of purchase (by means of the payment of a terminable annuity) under this Act for such cottage or cottages.

    Number 24 of 1936: LABOURERS ACT, 1936

  25. #1312870

    folaíonn “cíos” cíos coinbhinsiúnach, cíosmhuirear de réir brí alt 2 (1) de Reacht na dTréimhsí, 1957 , agus blianacht infhoirceanta is iníoctha i leith iasacht chun áras teaghlaigh a cheannach.

    "rent" includes a conventional rent, a rentcharge within the meaning of section 2 (1) of the Statute of Limitations, 1957 , and a terminable annuity payable in respect of a loan for the purchase of a family home.

    Number 27 of 1976: FAMILY HOME PROTECTION ACT, 1976

  26. #1416798

    —Déanfar aon airgead a bheidh dlite maidir le príomhshuim nó ús, ar scór blianachta infhoirceanta arna bunú ag an Aire Airgeadais faoi aon fhoráil de na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide a mhuirearú, ón 1 Eanáir, 1984, ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

    —Any moneys due either as regards principal or interest, on foot of a terminable annuity created by the Minister for Finance under any provision of the Telecommunications Capital Acts shall, from 1st January, 1984, be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.

    Number 26 of 1984: APPROPRIATION ACT, 1984

  27. #866149

    —(1) Na suimeanna airgid a chaithfidh an tAire chun na gcrícheanna luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo den Acht so tuigfear iad uile do bheith ina n-aon roimh-íoc amháin ar n-a dhéanamh ar dháta shocróidh an tAire Airgid ag féachaint go cuibhe do dhátaí íoctha na suimeanna san uile agus fé seach agus, maidir le leath amháin den roimh-íoc san, gur leis an mBárdas do rinneadh é agus, maidir leis an leath eile dhe, gur leis an mBord do rinneadh é, agus déanfar gach leath den roimhíoc san d'aisíoc, maraon le hús do réir pé ráta shocróidh an tAire Airgid, tríd an mBárdas no tríd an mBord (pe'ca aca é) d'íoc blianachta ionstadtha leis an Aire, ar feadh na bhfiche mblian airgeadais díreach tar éis an roimh-íoc san do dhéanamh, de pé méid a shocróidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid.

    —(1) All moneys expended by the Minister for the purposes mentioned in the next preceding section of this Act shall be deemed to be a single advance made on a date to be fixed by the Minister for Finance having due regard to the dates of payment of the several moneys and made as to one moiety thereof to the Corporation and as to the other moiety thereof to the Board, and each moiety of such advance shall be repaid, with interest at such rate as shall be fixed by the Minister for Finance, by the payment to the Minister by the Corporation or the Board (as the case may be) during the twenty financial years next after the making of such advance of a terminable annuity of such amount as shall be fixed by the Minister after consultation with the Minister for Finance.

    Number 27 of 1933: CORK TRAMWAYS (EMPLOYEES' COMPENSATION) ACT, 1933