#450741
(9) I gcás ina ndéanann gníomhaire taistil soláthar seirbhísí imeallscéime ar a n-áirítear seirbhísí áirithe a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí de réir fho-alt (8), ansin déanfaidh an gníomhaire taistil imeall iomlán an ghníomhaire taistil sin i leith an tsoláthair sin a chionroinnt chun go léireofar i gceart an cóimheas atá idir an costas atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí arna gceannach isteach a úsáidtear sna seirbhísí imeallscéime a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí sa soláthar sin agus an costas iomlán atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí go léir arna gceannach isteach a úsáidtear chun an soláthar seirbhísí imeallscéime sin a dhéanamh.
(9) Where a travel agent makes a supply of margin scheme services that includes some services that are treated as intermediary services in accordance with subsection (8), then the total travel agent’s margin in respect of that supply shall be apportioned by the travel agent so as to correctly reflect the ratio which the cost to that travel agent of the bought-in services used in the margin scheme services that are treated as intermediary services in that supply bears to the total cost to that travel agent of all bought-in services used in making that supply of margin scheme services.