#1668429
Ar bhonn na dtuarascálacha cur chun feidhme a chuireann na Ballstáit isteach gach 5 bliana de bhun Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle [4], tá an Coimisiún le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata dhlíthiúil maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde, lena n-áirítear Treoir 2004/37/CE, agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé na hinstitiúidí ábhartha agus an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) ar an eolas faoi thionscnaimh chun oibriú an chreata sin a fheabhsú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tograí iomchuí reachtacha.
On the basis of the implementation reports submitted by Member States every five years pursuant to Article 17a of Council Directive 89/391/EEC [4], the Commission is to evaluate the implementation of the occupational safety and health legal framework, including Directive 2004/37/EC, and, where necessary, to inform the relevant institutions and the Advisory Committee on Safety and Health at Work (ACSH) of initiatives to improve the operation of that framework, including, where necessary, appropriate legislative proposals.