i gcás táirgí airgeadais arb é laghdú in astaíochtaí carbóin is cuspóir dóibh, ráiteas go gcáilíonn an tagarmharc mar Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (23a) agus (23b), de Rialachán (AE) 2016/1011 agus hipearnasc chuig an áit ar féidir an mhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh ríomh na dtagarmharcanna sin a aimsiú.
for financial products that have a reduction in carbon emissions as their objective, a statement that the reference benchmark qualifies as an EU Climate Transition Benchmark or an EU Paris-aligned Benchmark as defined in Article 3, points (23a) and (23b), of Regulation (EU) 2016/1011, and a hyperlink to where the methodology used for the calculation of those benchmarks can be found.
#2484948
De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), i gcás nach bhfuil aon Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (23a) agus (23b), de Rialachán (AE) 2016/1011 ar fáil, luafar i roinn an tsuímh gréasáin “Baint amach an chuspóra infheistíochta inbhuanaithe” dá dtagraítear in Airteagal 38, pointe (l), den Rialachán seo gurb amhlaidh atá agus míneofar cén chaoi a ndéantar an iarracht leanúnach a bhaineann leis an gcuspóir astaíochtaí carbóin a laghdú a áirithiú d’fhonn cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
By way of derogation from paragraph 1, point (b), where no EU Climate Transition Benchmark or EU Paris-aligned Benchmark as defined in in Article 3, points (23a) and (23b), of Regulation (EU) 2016/1011 is available, the website section ‘Attainment of the sustainable investment objective’ referred to in Article 38, point (l), of this Regulation shall mention that fact and explain how the continued effort of attaining the objective of reducing carbon emissions is ensured in view of achieving the objectives of the Paris Agreement.
#2485016
i gcás táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088, faisnéis maidir leis an gcaoi a ndearnadh an cuspóir maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú a ailíniú le Comhaontú Pháras, ina bhfuil tuairisc ar rannchuidiú an táirge airgeadais le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil thréimhsiúil chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear i leith Thagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Thagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, na tosca ESG agus na critéir arna mbreithniú ag an riarthóir tagarmhairc i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818;
for the financial products referred to in Article 9(3) of Regulation (EU) 2019/2088, information on how the objective of a reduction in carbon emissions was aligned with the Paris Agreement, containing a description of the contribution of the financial product during the period covered by the periodic report to achieve the objectives of the Paris Agreement, including in respect of an EU Climate Transition Benchmark or EU Paris-aligned Benchmark, the ESG factors and criteria considered by the benchmark administrator in accordance with Delegated Regulation (EU) 2020/1818;