Gaois

Search direction

Search mode

Filter results

Collections

5 results in 1 document

  1. #1907560

    Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2016 i ndáil leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (EUGS), dúirt an Chomhairle gurb ionann EUGS agus creat an Aontais don pháirteachas seachtrach aontaithe freagrach le páirtithe eile ar mhaithe le luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn a mhéid a bhaineann leis an tslándáil, an daonlathas, an rathúnas agus ord domhanda riailbhunaithe, lena n-áirítear cearta an duine agus an smacht reachta.

    The Council stated in its conclusions of 17 October 2016 on the Global Strategy on the European Union’s Foreign and Security Policy (EUGS) that the EUGS represents the Union’s framework for united and responsible external engagement in partnership with others, to advance its values and interests in security, democracy, prosperity and a rules-based global order, including human rights and the rule of law.

    Council Decision (CFSP) 2021/509 of 22 March 2021 establishing a European Peace Facility, and repealing Decision (CFSP) 2015/528

  2. #1907561

    Dúradh sna Conclúidí sin chomh maith go ndéanfar an fhís pholaitiúil a leagtar amach in EUGS a aistriú go pras ina tionscnaimh beartais nithiúil agus ina gníomhaíocht nithiúil, a bheidh dírithe ar chúig thosaíocht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shainaithnítear in EUGS: an tslándáil agus an chosaint a neartú; infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na stát agus na sochaithe lastoir agus laisteas den Aontas; cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna; oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo; agus rialachas domhanda bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí.

    In those conclusions it was also stated that the political vision set out in the EUGS will be swiftly translated into concrete policy initiatives and action, focused on the five priorities for the Union’s external action identified in the EUGS: strengthening security and defence; investing in the resilience of States and societies to the Union’s East and South; developing an integrated approach to conflict and crises; promoting and supporting cooperative regional orders; and reinforcing a global governance based on international law, including the principles of the UN Charter, and the Helsinki Final Act.

    Council Decision (CFSP) 2021/509 of 22 March 2021 establishing a European Peace Facility, and repealing Decision (CFSP) 2015/528

  3. #1907583

    Ar aon dul le EUGS, ba cheart don tSaoráid rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus leis an tsíocháin agus athléimneacht na dtíortha comhpháirtíochta a neartú.

    Consistent with the EUGS, the Facility should contribute to stability and peace and strengthening the resilience of partner countries.

    Council Decision (CFSP) 2021/509 of 22 March 2021 establishing a European Peace Facility, and repealing Decision (CFSP) 2015/528

  4. #1907562

    Sna conclúidí uaithi an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gcur chuige comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, a shainaithnítear in EUGS mar chreat faoinar féidir leis an Aontas rannpháirt níos comhleanúnaí agus níos iomláine a bheith aige i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha, d’athdhearbhaigh an Chomhairle na naisc idir an fhorbairt inbhuanaithe, an ghníomhaíocht dhaonnúil, cosc na coinbhleachta, agus cothú na síochána.

    In its conclusions of 22 January 2018 on the Integrated Approach to External Conflicts and Crises, which the EUGS identifies as the framework for a more coherent and holistic engagement by the Union to external conflicts and crises, the Council reiterated the linkages between sustainable development, humanitarian action and conflict prevention and peacebuilding.

    Council Decision (CFSP) 2021/509 of 22 March 2021 establishing a European Peace Facility, and repealing Decision (CFSP) 2015/528

  5. #1908495

    Ina theannta sin, sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2016 maidir le SSR, meabhraíodh don Chomhairle na huaillmhianta nua a léirítear in EUGS , chomh maith leis an aidhm a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 a chur chun feidhme.

    Moreover, in its conclusions of 14 November 2016 on SSR, the Council recalled new ambitions reflected in the EUGS as well as the aim of the implementation of the Sustainable Development Goals of the 2030 Agenda.

    Council Decision (CFSP) 2021/509 of 22 March 2021 establishing a European Peace Facility, and repealing Decision (CFSP) 2015/528