#505105
Maidir le SIS II, ba cheart go mbeadh stádas breathnóra ag an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) agus ag an Aonad Eorpach um Chomhar Breithiúnach (Eurojust), a bhfuil ceart rochtana acu araon ar shonraí arna n-iontráíl in SIS II le linn Cinneadh 2007/533/CGB a chur i bhfeidhm agus a bhfuil ceart acu cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí sin, ag na cruinnithe den Bhord Bainistíochta, nuair atá ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB ar an gclár oibre.
As regards SIS II, the European Police Office (Europol) and the European Judicial Cooperation Unit (Eurojust), both having the right to access and search directly data entered into SIS II in application of Decision 2007/533/JHA, should have observer status at the meetings of the Management Board when a question in relation to the application of Decision 2007/533/JHA is on the agenda.