Gaois

Search direction

Search mode

Filter results

Collections

5 results in 5 documents

  1. #2605973

    I ndiaidh na damáiste a rinneadh do phíblíne Nord Stream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 ar dócha gurb é gníomh sabaitéireachta ba chúis leis, níl aon dóchúlacht ann go bhfillfidh soláthairtí gáis ón Rúis chuig an tAontas ar na leibhéil a bhí ann roimh an gcogadh go luath amach anseo.

    Following the damage to the Nord Stream 1 pipeline which was likely caused by an act of sabotage in September 2022, there is no likelihood that gas supplies from Russia to the Union will resume at pre-war levels in the near future.

    Council Regulation (EU) 2022/2578 of 22 December 2022 establishing a market correction mechanism to protect Union citizens and the economy against excessively high prices

  2. #2800642

    Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir na gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne bonneagar criticiúil, mar shampla na gníomhartha i gcoinne phíblínte Nord Stream, ina léirítear toil an Aontais freagairt aontaithe dhiongbháilte a thabhairt ar aon chur isteach a dhéanfar d’aon ghnó ar bhonneagar criticiúil nó ar gníomhaíochtaí hibrideacha eile.

    The European Council has, in its conclusions of 20 and 21 October 2022, strongly condemned the acts of sabotage against critical infrastructure, such as those against the Nord Stream pipelines, indicating the Union’s will to meet any deliberate disruption of critical infrastructure or other hybrid actions with a united and determined response.

    Council Recommendation of 8 December 2022 on a Union-wide coordinated approach to strengthen the resilience of critical infrastructure (Text with EEA relevance) 2023/C 20/01

  3. #3151828

    I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, is féidir le praghsanna a bheith ag méadú arís mar thoradh ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna amhail: athphlódú in éileamh GNL na hÁise a d’fhéadfadh infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis a laghdú; dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach lena n-éileofaí dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte a thuilleadh; agus tuilleadh bristeacha sa soláthar gáis a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear deireadh a chur go hiomlán le hallmhairí gáis ón Rúis, agus tuilleadh cur isteach ar bhonneagar criticiúil, amhail gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblíne NordStream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 nó cur isteach ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023.

    In view of the current tight market conditions, prices can spike again as a result of unpredictable events and sudden shocks such as: a rebound in Asian LNG demand, which could reduce the availability of gas on the global gas market; extreme weather conditions potentially affecting hydropower storage and nuclear production, which would require higher recourse to gas-fired power generation; and further possible gas supply disruptions, including a complete halt of gas imports from Russia, and further disruptions of critical infrastructure, such as the acts of sabotage against the Nord Stream 1 pipeline in September 2022 or the disruption of the Balticconnector pipeline in October 2023.

    Council Regulation (EU) 2023/2920 of 21 December 2023 amending Regulation (EU) 2022/2578 as regards the prolongation of its period of application

  4. #3151749

    I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh praghsanna ardú go tobann arís mar thoradh ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna, amhail téarnamh in éileamh na hÁise ar GNL, rud a d’fhéadfadh infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda a laghdú. geimhreadh fuar as a bhféadfadh méadú suas le 30 billiún méadar ciúbach teacht ar an éileamh ar ghás, dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce as a dtiocfadh méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte, suaití breise ar bhonneagair chriticiúla, amhail gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte NordStream i mí Mheán Fómhair 2022 nó an tsuaite ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar thimpeallacht na bagartha i réigiúin soláthair, mar shampla mar thoradh ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear.

    In view of the current tight market conditions, prices may spike again as a result of unpredictable events and sudden shocks such as a rebound in Asian LNG demand, which could reduce the availability of gas on the global gas market, a cold winter which could lead to an increase in the demand for gas of up to 30 billion cubic metres, extreme weather conditions potentially affecting hydropower storage and nuclear production due to low water levels which would lead to the subsequent increase in demand for gas fired power generation, further disruptions of critical infrastructures, such as the acts of sabotage against the Nord Stream pipelines in September 2022 or the disruption of the Balticconnector pipeline in October 2023, and a deterioration of the geopolitical environment and threat landscape in supplying regions, for example due to the crisis in the Middle East.

    Council Regulation (EU) 2023/2919 of 21 December 2023 amending Regulation (EU) 2022/2576 as regards the prolongation of its period of application

  5. #3190135

    Tá na géardheacrachtaí sin níos measa mar gheall ar roinnt rioscaí breise, lena n-áirítear teacht aniar in éileamh GNL na hÁise, lena bhféadfaí infhaighteacht gáis ar an margadh gáis domhanda a laghdú, geimhreadh fuar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le méadú suas le 30 bcm ar an éileamh ar ghás, teagmhais adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don stóráil hidreachumhachta agus don táirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, as a n-eascródh an méadú ina dhiaidh sin ar an éileamh ar ghiniúint cumhachta gásadhainte, suaitheadh breise ar bhonneagair chriticiúla, amhail na gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblínte Nord Stream i mí Mheán Fómhair 2022 nó suaitheadh i bpíblíne nascóirí Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023, agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin atá ábhartha do shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, mar shampla an Úcráin, an Asarbaiseáin, agus an Meánoirthear.

    Such severe difficulties are exacerbated by a number of additional risks, including a rebound in Asian LNG demand, which could reduce the availability of gas on the global gas market, a cold winter which could lead to an increase in the demand for gas of up to 30 bcm, extreme weather conditions potentially affecting hydropower storage and nuclear production due to low water levels which would lead to the subsequent increase in demand for gas-fired power generation, further disruptions of critical infrastructures, such as the acts of sabotage against the Nord Stream pipelines in September 2022 or the disruption of the Balticconnector pipeline in October 2023, and a deterioration of the geopolitical environment, in particular in countries and regions relevant to Union energy security of supply, such as Ukraine, Azerbaijan, and the Middle East.

    Council Regulation (EU) 2024/223 of 22 December 2023 amending Regulation (EU) 2022/2577 laying down a framework to accelerate the deployment of renewable energy