#2084219
Faoin tsraith sin, d’fhéadfaí glaonna ar thograí a sheoladh le haghaidh cistiú comhcheangailte faoi CFRE, faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoin gCinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear a bunaíodh le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle, trí mhodhanna bainistíochta a bheadh le comhaontú idir na Ballstáit, réigiúin agus tríú tíortha rannpháirteacha.
Under that strand, calls for proposals could be launched for combined funding under the ERDF, the Neighbourhood, Development and International Cooperation Instrument (NDICI) established by Regulation (EU) 2021/947 of the European Parliament and of the Council and the Overseas Association Decision (OAD) established by Council Decision 2013/755/EU, through management modes to be agreed upon between participating Member States and regions and third countries.