#2082363
Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a chuirfeadh leis an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe, le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di.
To that end, the Commission should set up a Just Transition Platform, which would build on the existing platform for coal regions in transition, to enable bilateral and multilateral exchanges of experience on lessons learnt and best practices across all affected sectors.