#2441435
Chun a áirithiú go gcuirfear dearcaí na mBallstát san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na caighdeáin sin, dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852, (“Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe”) agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (“an Coiste Rialála Cuntasaíochta”) i ndáil le comhairle theicniúil EFRAG.
To ensure that Union sustainability reporting standards take account of the views of the Member States, before adopting those standards the Commission should consult the Member State Expert Group on Sustainable Finance, referred to in Regulation (EU) 2020/852, (the ‘Member State Expert Group on Sustainable Finance’) and the Accounting Regulatory Committee, referred to in Regulation (EC) No 1606/2002 of the European Parliament and of the Council, (the ‘Accounting Regulatory Committee’) in relation to EFRAG’s technical advice.