#789696
—(1) San alt so cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach d'údarás áitiúil,” maidir le haon chruinniú den údarás áitiúil sin, rúnaí, cléireach no dochtúir ceannais comhnaithe an údaráis áitiúla san, no príomh-oifigeach feidhmiúcháin eile don údarás san, i gcás é bheith i láthair ag an gcruinniú san no, i gcás gan an rúnaí, an cléireach, an dochtúir ceannais, no an príomhoifigeach feidhmiúcháin sin do bheith i láthair ag an gcruinniú san, aon oifigeach eile don údarás áitiúil sin ag gníomhú ina ionad ag an gcruinniú san.
—(1) In this section the expression "responsible officer of a local authority" means in relation to any meeting of such local authority, the secretary, clerk, resident medical superintendent, or other chief executive officer of such local authority if he is present at such meeting, or in case such secretary, clerk, superintendent, or chief executive officer is not present at such meeting, any other officer of such local authority acting in his stead at such meeting.