#2304912
Oibreoidh Háítí chun a plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) a próiseas maidir le measúnú riosca ar sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a fhorbairt agus na torthaí a scaipeadh; (2) comhroinnt faisnéise le contrapháirteanna eachtracha iomchuí a éascú; (3) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla ina creat dlíthiúil agus rialála a chuireann bac ar chur chur chun feidhme beart coisctheach AML/CFT agus bac ar chur chun feidhme na maoirseachta AML/CFT rioscabhunaithe maidir le gach institiúide airgeadais agus DNFBPanna a mheastar a bheith ina riosca níos airde maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta; (4) a áirithiú go ndéantar faisnéis bhunúsach agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chothabháil agus go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana go tráthúil; (5) a áirithiú go mbainfidh údaráis inniúla úsáid níos fearr as faisnéis airgeadais agus as faisnéis ábhartha eile chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta chomhrac; (6) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla maidir le cionta sciúrtha airgid agus a léiriú go bhfuil cásanna sciúrtha airgid á sainaithint, á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh ag údaráis ar bhealach atá i gcomhréir le próifíl riosca Háítí; (7) a léiriú go bhfuil méadú ar shainaithint, rianú, agus aisghabháil fáltas ó choireacht; (8) aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh theicniúla ina córas maidir le cionta maoinithe sceimhlitheoireachta agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe; (9) faireachán iomchuí rioscabhunaithe a dhéanamh ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá íogair i leith mhaoiniú na sceimhlitheoireachta gan cur isteach ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ná iad a dhíspreagadh.
Haiti will work to implement its action plan, including by: (1) developing its ML/TF risk assessment process and disseminating the findings; (2) facilitating information sharing with relevant foreign counterparts; (3) addressing the technical deficiencies in its legal and regulatory framework that impede the implementation of AML/CFT preventive measures and implementing risk-based AML/CFT supervision for all financial institutions and DNFBPs deemed to constitute a higher ML/TF risk; (4) ensuring basic and beneficial ownership information are maintained and accessible in a timely manner; (5) ensuring a better use of financial intelligence and other relevant information by competent authorities for combatting ML and TF; (6) addressing the technical deficiencies in its ML offence and demonstrating authorities are identifying, investigating and prosecuting ML cases in a manner consistent with Haiti’s risk profile; (7) demonstrating an increase of identification, tracing and recovery of proceeds of crimes; (8) addressing the technical deficiencies in its TF offence and targeted financial sanctions regime; (9) conducting appropriate risk-based monitoring of NPOs vulnerable to TF abuse without disrupting or discouraging legitimate NPO activities.