#2250306
Ina theannta sin, thángthas ar an tátal sa mheastóireacht gur réamh-mheasadh Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe”) sa 7ú CGC trína áitiú go bhfuil an fás eacnamaíoch agus an dea-bhail shóisialta ag brath ar bhonn acmhainní nádúrtha sláintiúil agus leis an meastóireacht, éascaíodh leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, agus cuireadh ar chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth ar an ardán domhanda maidir le cúrsaí aeráide agus comhshaoil, ach thángthas ar an tátal nár leor an dul chun cinn maidir le cosaint an dúlra, maidir leis an tsláinte ná maidir le hábhar imní faoin gcomhshaol a chomhtháthú i réimsí beartais eile.
Moreover, it concluded that the 7th EAP anticipated the United Nations (UN) 2030 Agenda for Sustainable Development (‘UN 2030 Agenda’) by its insistence that economic growth and social well-being depend on a healthy natural resource base, facilitated delivering on the Sustainable Development Goals (SDGs), and enabled the Union to speak with one voice on the global stage on climate and environmental matters, but that progress related to nature protection, health and integrating environmental concerns into other policy areas was not sufficient.