#3022766
Chun críche mhír 2 agus mhír 3, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh soláthróirí breosla eitlíochta, láimhseálaithe breosla, oibreoirí aerárthaí agus aon pháirtí eile lena mbaineann na deacrachtaí a thuairiscítear, an fhaisnéis uile is gá, arna iarraidh sin agus gan moill mhíchuí, do chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais agus comhoibreoidh siad le comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun na bearta is gá a shainaithint agus a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a thuairiscítear.
For the purpose of paragraphs 2 and 3, where appropriate, aviation fuel suppliers, fuel handlers, aircraft operators and any other party concerned by the reported difficulties, shall provide, upon request and without undue delay, all the necessary information to the Union airport managing body and cooperate with the Union airport managing body in identifying and taking the necessary measures to address the reported difficulties.