#2992177
B21 Ar bhonn uainiú na n-íocaíochtaí conarthacha atá le fáil le haghaidh Shócmhainn A i gcoibhneas leis an uainiú le haghaidh Shócmhainn B agus Shócmhainn C (i.e. 1 bhliain amháin le haghaidh Shócmhainn B seachas 2 bhliain le haghaidh Shócmhainn C), meastar go bhfuil Sócmhainn B níos inchomparáide le Sócmhainn A. Agus úsáid á baint as an íocaíocht chonarthach atá le fáil le haghaidh Shócmhainn A (CU800) agus an ráta margaidh 1 bhliain amháin arna dhíorthú ó Shócmhainn B (10,8 faoin gcéad), is CU722 (CU800/1,108) atá i gcóirluach Shócmhainn A. De rogha air sin, in éagmais fáil ar fhaisnéis mhargaidh le haghaidh Sócmhainne B, d’fhéadfaí an ráta margaidh 1 bhliain amháin a dhíorthú ó Shócmhainn C, tríd an gcur chuige méadaithe a úsáid.
B21 On the basis of the timing of the contractual payments to be received for Asset A relative to the timing for Asset B and Asset C (ie one year for Asset B versus two years for Asset C), Asset B is deemed more comparable to Asset A. Using the contractual payment to be received for Asset A (CU800) and the one-year market rate derived from Asset B (10,8 per cent), the fair value of Asset A is CU722 (CU800/1,108). Alternatively, in the absence of available market information for Asset B, the one-year market rate could be derived from Asset C using the build-up approach.