ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ soláthraí teilitéipe comhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(53) de Threoir 2014/65/AE;
‘consolidatedtape provider’ or ‘CTP’ means a consolidatedtape provider as defined in Article 4(1)(53) of Directive 2014/65/EU;
#2808994
Soláthraí teilitéipe comhdhlúite (CTP)
Consolidatedtape provider (CTP)
#2809319
Soláthraí teilitéipe comhdhlúite (CTP)
Consolidatedtape provider (CTP)
#3186761
Braitheann feidhmiú ceart teilitéipe comhdhlúite ar cháilíocht na sonraí a fhaigheann an soláthraí teilitéipe comhdhlúite.
The correct functioning of a consolidatedtape depends on the quality of the data that the consolidatedtape provider receives.
#3186785
D’fhéadfadh sé gurb é an t-eintiteas bailithe aonair an soláthraí teilitéipe comhdhlúite do dhíorthaigh.
The single collecting entity could be the consolidatedtape provider for derivatives.
#3235647
Ar an gcéad dul síos, ba cheart do ÚEUM tús a chur leis an nós imeachta roghnúcháin maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh bannaí.
First, ESMA should initiate the selection procedure concerning the consolidatedtape for bonds.
#3235670
D’ainneoin go bhféadfadh rannchuiditheoirí sonraí áirithe gan rannchuidiú leis an teilitéip chomhdhlúite, is iomchuí cóir fhabhrach a dheonú do na rannchuiditheoirí sonraí sin a chinneann roghnú a bheith páirteach sa teilitéip chomhdhlúite maidir le hathdháileadh ioncam arna nginiúint leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, chun cabhrú le hionaid trádála bheaga na scaireanna áitiúla sin a ligeann siad isteach a choinneáil ar bun agus éiceachóras saibhir bríomhar a chosaint i gcomhréir le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil.
Notwithstanding the possibility of certain data contributors not to contribute to the consolidatedtape, it is appropriate to grant, to those data contributors that decide to opt in to the consolidatedtape, preferential treatment for the redistribution of revenue generated by the consolidatedtape for shares and ETFs, to help small trading venues to maintain their local admissions and safeguard a rich and vibrant ecosystem in line with the objectives of the capital markets union.
#3236128
cumas teicniúil an iarratasóra teilitéip chomhdhlúite athléimneach a sholáthar ar fud an Aontais;
the technical ability of the applicant to provide a resilient consolidatedtape throughout the Union;
#3236137
an caiteachas iomlán a theastaíonn ón iarratasóir chun an teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus na costais a bhaineann leis an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn leanúnach;
the total expenditure needed by the applicant to develop the consolidatedtape and the costs of operating the consolidatedtape on an ongoing basis;
#3236326
Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa geallsealbhóirí arna bhunú de bhun Airteagal 22b(2), measúnú ar éileamh an mhargaidh ar an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, ar thionchar na teilitéipe comhdhlúite sin ar fheidhmiú, ar tharraingteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta mhargaí agus ghnólachtaí an Aontais, agus ar cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an teilitéip chomhdhlúite an aidhm atá aici neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú agus suíomh níos tarraingtí a dhéanamh den Aontas chun infheistíocht a dhéanamh.
By 30 June 2026, ESMA, in close cooperation with the expert stakeholder group established pursuant to Article 22b(2), shall assess the market demand for the consolidatedtape for shares and ETFs, the impact of that consolidatedtape on the functioning, attractiveness and international competitiveness of Union markets and firms, and whether the consolidatedtape has delivered on its aim to decrease information asymmetries between market participants and to make the Union a more attractive location to invest.
#3236330
na haicmí sócmhainní a chumhdaítear leis an teilitéip chomhdhlúite;
the asset classes covered by a consolidatedtape;
#3236334
líon úsáideoirí na teilitéipe comhdhlúite de réir aicme sócmhainní;
the number of users of the consolidatedtape per asset class;
#1823196
socruithe a shonrú ar dá réir a leanfaidh CTPanna arna n-údarú faoi Airteagal 27b de bheith ag feidhmiú teilitéip chomhdhlúite i gcás nach n-úsáidfear an cumhachtú lena bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo, nó i gcás nach gceapfar aon eintiteas trí sholáthar poiblí, go dtí go gcuirfear soláthar poiblí nua i gcrích agus go gceapfar eintiteas tráchtála chun teilitéip chomhdhlúite a fheidhmiú.
specify arrangements under which CTPs authorised under Article 27b may continue to operate a consolidatedtape where the empowerment provided for in point (b) of this paragraph is not used or, where no entity is appointed through the public procurement, until such time as a new public procurement is completed and a commercial entity is appointed to operate a consolidatedtape.
#3186764
Tá sé ríthábhachtach sonraí ardcháilíochta a fháil i gcomhair fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite agus an mhargaidh inmheánaigh agus, le fáil sonraí den sórt sin, éilítear ar na rannchuiditheoirí sonraí uile agus ar an soláthraí teilitéipe comhdhlúite stampa ama a chur lena gcuid sonraí ar bhealach sioncrónaithe agus ar an gcaoi sin a gcloig ghnó a shioncrónú.
The receipt of high-quality data is of the utmost importance for the functioning of the consolidatedtape and the internal market and requires all data contributors and the consolidatedtape provider to timestamp their data in a synchronised manner and thus to synchronise their business clocks.
#3235608
Chun an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag an teilitéip chomhdhlúite ar ionaid trádála bheaga a sheachaint, cé go bhféadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith ag a gcuimsiú sa teilitéip chomhdhlúite ar a n-inmharthanacht agus ar leachtacht na n-urrús arna dtrádáil ar na hionaid sin, ba cheart sásra um rogha a bheith páirteach a bhunú.
In order to avoid the negative impact the consolidatedtape might have on small trading venues, even though their inclusion in the consolidatedtape might have positive effects on their viability and the liquidity of the securities traded on those venues, an opt-in mechanism should be established.
#3235652
Ba cheart do ÚEUM, i gcás gach aicme, iarrthóir a roghnú ar bhonn a chumais theicniúil teilitéip chomhdhlúite a oibriú, lena n-áirítear a chumas leanúnachas agus athléimneacht gnó a áirithiú, chomh maith lena chumas teicneolaíochtaí comhéadain nua-aimseartha a úsáid, eagrú a phróiseas bainistíochta agus cinnteoireachta, na modhanna atá aige chun cáilíocht sonraí a áirithiú, na costais is gá chun teilitéip chomhdhlúite a fhorbairt agus a oibriú, simplíocht na gceadúnas nach mór d’úsáideoirí dul isteach iontu chun na croí-shonraí margaidh agus na sonraí rialála a fháil, lena n-áirítear líon na gcineálacha ceadúnúcháin le haghaidh cásanna úsáide nó úsáideoirí éagsúla, leibhéal na dtáillí a ghearrtar ar úsáideoirí agus a phróisis chun tomhaltas fuinnimh a mhaolú.
ESMA should, for all classes, select a candidate on the basis of its technical abilities to operate a consolidatedtape, including its ability to ensure business continuity and resilience, as well as its ability to use modern interface technologies, the organisation of its management and decision-making processes, its methods for ensuring data quality, the costs required for developing and operating a consolidatedtape, the simplicity of the licences that users have to enter into in order to receive the core market data and regulatory data, including the number of types of licensing for various use cases or users, the level of fees charged to users and its processes for mitigating energy consumption.
#3235663
De réir na sonraí a thíolactar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin seo, is dócha go mbeidh an ghiniúint ioncaim a mheastar a bheidh ann le haghaidh na teilitéipe comhdhlúite ag brath ar shaintréithe beachta na teilitéipe comhdhlúite.
According to data presented in the impact assessment accompanying the proposal for this Regulation, the expected revenue generation for the consolidatedtape is likely to vary depending on the precise features of the consolidatedtape.
#1823182
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite arna bunú i gcomhréir le Teideal IVa.
The Commission shall, after consulting ESMA, present reports to the European Parliament and to the Council on the functioning of the consolidatedtape established in accordance with Title IVa.
#1823183
Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar measúnú ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite i bhfianaise na gcritéar seo a leanas:
The reports referred to in the first subparagraph shall assess the functioning of the consolidatedtape against the following criteria:
#1823189
foráil a dhéanamh maidir le tréimhse an chonartha atá ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus maidir leis an bpróiseas agus na coinníollacha chun an conradh a athnuachan agus an soláthar poiblí nua a sheoladh;
provide for the contract duration of the commercial entity operating a consolidatedtape and the process and conditions for renewing the contract and the launching of new public procurement;
#1823190
foráil a dhéanamh maidir leis an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus go bhfeidhmeoidh sé amhlaidh ar bhonn eisiach agus nach n-údarófar aon eintiteas eile mar CTP i gcomhréir le hAirteagal 27b;
provide that the commercial entity operating a consolidatedtape shall do so on an exclusive basis and that no other entity shall be authorised as a CTP in accordance with Article 27b;
#1823191
a chumhachtú do ÚEUM a áirithiú go mbeidh coinníollacha na tairisceana á gcomhlíonadh ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a ceapadh trí sholáthar poiblí.
empower ESMA to ensure adherence with tender conditions by the commercial entity operating a consolidatedtape appointed through a public procurement;
#1823195
socruithe a shonrú a bheidh infheidhme i gcás go mainneoidh an t-eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí sholáthar poiblí coinníollacha na tairisceana a chomhlíonadh;
specify arrangements applicable where the commercial entity operating a consolidatedtape appointed through a public procurement fails to fulfil the tender conditions;
#3186725
Tugtar isteach leis an Rialachán sin rannchuidithe éigeantacha sonraí leis an soláthraí teilitéipe comhdhlúite agus cuirtear feabhas ar cháilíocht na sonraí, inter alia, trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar shioncrónú clog gnó.
That Regulation introduces mandatory contributions of data to the consolidatedtape provider and enhances data quality by, inter alia, harmonising the synchronisation of business clocks.
#3186727
Ós rud é go bhfuil forálacha i dTreoir 2014/65/AE freisin maidir le teilitéip chomhdhlúite agus trédhearcacht, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a léiriú i dTreoir 2014/65/AE.
Since Directive 2014/65/EU also contains provisions related to the consolidatedtape and transparency, the amendments to Regulation (EU) No 600/2014 should be reflected in Directive 2014/65/EU.
#3186751
Le Rialachán (AE) 2024/791, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun na bacainní lenar cuireadh cosc ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite a bhaint.
Regulation (EU) 2024/791 amends Regulation (EU) No 600/2014 to remove the obstacles that have prevented the emergence of a consolidatedtape.
#3186762
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 na ceanglais maidir le cáilíocht sonraí ar cheart do rannchuiditheoirí leis an teilitéip chomhdhlúite cloí leo.
Regulation (EU) No 600/2014 sets out data quality requirements to which contributors to the consolidatedtape should adhere.
#3235509
Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, soláthraítear creat reachtach le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (CTPanna), i gcás ionstraimí cothromais agus ionstraimí neamhchothromais araon.
Regulation (EU) No 600/2014 provides a legislative framework for consolidatedtape providers (CTPs), for both equity and non-equity instruments.
#3235613
Bheadh cinneadh den sórt sin neamh-inchúlghairthe agus bheadh na sonraí go léir – le haghaidh scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán I(ETFanna) araon – mar chuid den teilitéip chomhdhlúite ina dhiaidh sin.
Such a decision would be irrevocable and all the data – for both shares and exchange-traded funds (ETFs) – would be part of the consolidatedtape afterwards.
#3235644
Áirithítear leis an iomaíocht idir CTPanna go soláthraítear an teilitéip chomhdhlúite ar an mbealach is éifeachtúla agus faoi na coinníollacha is fearr le haghaidh úsáideoirí.
Competition among CTPs ensures that the consolidatedtape is provided in the most efficient way and under the best conditions for users.
#3235650
Is é is cuspóir don nós imeachta roghnúcháin an ceart a bhronnadh teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar feadh tréimhse 5 bliana.
The purpose of the selection procedure is to award the right to operate a consolidatedtape for a period of five years.
#3235660
Ba cheart do ÚEUM an cinneadh réasúnaithe sin a bhunú ar a mheasúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir in ann, laistigh de thréimhse réasúnach ama, teilitéip chomhdhlúite a oibriú i gcomhréir leis na ceanglais uile.
ESMA should base that reasoned decision on its assessment of whether the applicant is able, within a reasonable time, to operate a consolidatedtape in compliance with all the requirements.
#3235661
Ba cheart, i gcinneadh réasúnaithe ÚEUM na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibriú na teilitéipe comhdhlúite ag an iarratasóir, go háirithe leibhéal na dtáillí a ghearrtar ar úsáideoirí, a shonrú.
ESMA’s reasoned decision should specify the conditions applicable to the applicant’s operation of the consolidatedtape, in particular the level of fees charged to users.
#3235669
Dá bhrí sin, na sonraí a chuireann ionaid trádála bheaga leis an teilitéip chomhdhlúite, tá ról níos cinntithí acu maidir le praghasmhúnlú na scaireanna a ligeann ionaid trádála bheaga isteach chun a dtrádála.
The data that small trading venues contribute to the consolidatedtape therefore play a more determining role in the price formation for the shares that small trading venues admit to trading.
#3235671
Ba cheart do CTP le haghaidh scaireanna agus ETFanna cuid dá ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh ar ionaid trádála áirithe i gcomhréir le scéim athdháilte bunaithe ar thrí chritéar.
The CTP for shares and ETFs should redistribute part of its revenue generated by the consolidatedtape to certain trading venues in accordance with a redistribution scheme based on three criteria.
#3235677
Braitheann éifeachtacht teilitéipe comhdhlúite ar cháilíocht na sonraí a tharchuireann rannchuiditheoirí sonraí chuici.
The effectiveness of a consolidatedtape depends on the quality of the data transmitted to it by data contributors.
#3236126
Tionscnóidh ÚEUM nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin de bhun na chéad fhomhíre in am ionas go mbeifear in ann leanúint de sholáthar na teilitéipe comhdhlúite gan cur isteach air.
ESMA shall initiate subsequent selection procedures pursuant to the first subparagraph in time to allow the provision of the consolidatedtape to continue without disruption.
#3236127
Le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, roghnóidh ÚEUM an t-iarratasóir atá oiriúnach chun an teilitéip chomhdhlúite a oibriú ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
For each of the asset classes referred to in paragraph 1, ESMA shall select the applicant that is suitable for operating the consolidatedtape on the basis of the following criteria:
#3236139
maidir leis an teilitéip chomhdhlúite le haghaidh bannaí, socruithe a bheith ann maidir le hathdháileadh ioncaim i gcomhréir le hAirteagal 27h(5);
for the consolidatedtape for bonds, the existence of arrangements for revenue redistribution in accordance with Article 27h(5);
#3236180
táillí a bhailiú ó úsáideoirí, agus rochtain, saor in aisce, ar an teilitéip chomhdhlúite á soláthar d’infheisteoirí miondíola, d’acadóirí, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’údaráis inniúla;
collect fees from users, while providing access, free of charge, to the consolidatedtape to retail investors, academics, civil society organisations and competent authorities;
#3236181
i gcás na teilitéipe comhdhlúite le haghaidh scaireanna agus ETFanna, cuid dá ioncam a athdháileadh i gcomhréir le mír 6;
in the case of the consolidatedtape for shares and ETFs, redistribute part of its revenue in accordance with paragraph 6;
#3236195
Féadfaidh CTP le haghaidh ionstraimí airgeadais seachas scaireanna agus ETFanna cuid den ioncam a ghintear leis an teilitéip chomhdhlúite a athdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí.
A CTP for financial instruments other than shares and ETFs may redistribute to data contributors part of the revenue generated by the consolidatedtape.
#3236327
Tuairisceoidh ÚEUM don Choimisiún maidir lena iomchuí atá sé gnéithe breise a chur leis an teilitéip chomhdhlúite, amhail an cód aitheantóra margaidh le haghaidh sonraí réamhthrádála a scaipeadh.
ESMA shall report to the Commission on the appropriateness of adding additional features to the consolidatedtape, such as the dissemination of the market identifier code for pre-trade data.
#3236350
na socruithe a shonrú faoina bhféadfaidh CTP leanúint de theilitéip chomhdhlúite a oibriú ar choinníoll nach n-údarófar aon eintiteas nua tríd an nós imeachta roghnúcháin.’;
specify arrangements under which a CTP may continue to operate a consolidatedtape provided that no new entity is authorised through the selection procedure.’;
#711792
Déantar an-chuid tagarmharcanna a chinneadh trí fhoirmle a chur i bhfeidhm lena n-úsáidtear sonraí ionchuir a sholáthraíonn na heintitis seo a leanas: ionad trádála, socrú foilsiúcháin formheasta, soláthróir comhdhlúite téipe, sásra tuairiscithe formheasta, malartán fuinnimh nó ardán ceantála lamháltais astaíochtaí.
Many benchmarks are determined by the application of a formula using input data that is provided by the following entities: a trading venue, an approved publication arrangement, a consolidatedtape provider, an approved reporting mechanism, an energy exchange or an emission allowance auction platform.
#711999
socrú foilsithe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (52) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó soláthraí téipe comhdhlúite mar a shainmhínítear i bpointe (53) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála;
an approved publication arrangement as defined in point (52) of Article 4(1) of Directive 2014/65/EU or a consolidatedtape provider as defined in point (53) of Article 4(1) of Directive 2014/65/EU, in accordance with mandatory post-trade transparency requirements, but only with reference to transaction data concerning financial instruments that are traded on a trading venue;
#1784942
Lena chois sin, cuirtear de cheangal ar sholáthraí teilitéipe comhdhlúite (CTPanna) sonraí trádála comhdhlúite a chur ar fáil a chumhdaíonn na hidirbhearta uile in ionstraimí cothromais agus neamhchothromais araon ar fud an Aontais, i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE.
In addition, a consolidatedtape provider (CTP) is required to offer consolidated trading data covering all trades in both equity and non-equity instruments throughout the Union, in accordance with Directive 2014/65/EU.
#1821755
Ach na hinniúlachtaí sin a thabhairt do ÚEUM, beifear in ann an t-údarú agus an mhaoirseacht a bhainistiú go lárnach, rud a chuirfidh cosc leis an staid mar atá, is é sin gur gá d’iliomad ionad trádála, inmheánaitheoirí córasacha, socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus soláthraithe teilitéipe comhdhlúite (CTPanna) sonraí a sholáthar don iliomad údarás inniúil a chuirtear ar fáil do ÚEUM ina dhiaidh sin.
Granting those competences to ESMA allows for a centrally managed authorisation and oversight, which would avoid the current situation where multiple trading venues, systematic internalisers, approved publication arrangements (APAs) and consolidatedtape providers (CTPs) are required to provide multiple competent authorities with data which are only then provided to ESMA.
#1822820
ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís bailithe tuarascálacha trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais a liostaítear in Airteagail 6, 7, 10, 12 agus 13, 20 agus 21 ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear sonraí faoi phraghas agus faoi mhéid in aghaidh na hionstraime airgeadais;
“consolidatedtape provider” or “CTP” means a person authorised under this Regulation to provide the service of collecting trade reports for financial instruments listed in Articles 6, 7, 10, 12 and 13, 20 and 21 from regulated markets, MTFs, OTFs and APAs and consolidating them into a continuous electronic live data stream providing price and volume data per financial instrument;
#1822969
Go háirithe, maidir le hoibreoir margaidh, nó APA, a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
In particular, a market operator, or an APA, who also operates a consolidatedtape, shall treat all information collected in a non-discriminatory way and shall operate and maintain appropriate arrangements to separate different business functions.