#146917
ciallaíonn "eiblí ceadaithe" agus "cobhsaitheoir ceadaithe", faoi seach, aon eiblí agus aon chobhsaitheoir i gCuid I de Sceideal I atá de réir na gcaighdeán sonrach íonachta i leith an eiblí nó an chobhsaitheora sin dá dtagraítear i gCuid II den Sceideal sin, agus sa mhéid nach ndéantar aon socrú eile in aon chaighdeán sonrach íonachta den sórt sin, de réir na gcaighdeán ginearálta íonachta i gCuid III den Sceideal sin, agus folaíonn sé aon mheascán de dhá cheann nó níos mó ná dhá cheann d'eiblithe nó de chobhsaitheoirí nó d'eiblithe agus de chobhsaitheoirí den sórt sin;
"permitted emulsifier" and "permitted stabiliser" mean, respectively, any emulsifier and any stabiliser in Part I of Schedule 1 which complies with the specific purity criteria in relation to that emulsifier or stabiliser referred to in Part II of that Schedule and, so far as is not otherwise provided in any such specific purity criteria, with the general purity criteria in Part III of that Schedule, and includes any mixture of two or more such emulsifiers or stabilisers or emulsifiers and stabilisers;